Tairgim:
Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht chun cruinneas in úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge, lena n-áirítear síneadh fada ar ghutaí, a chosaint, trí cheartúcháin a éascú ar thaifid de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, trí dhualgas a chur ar rialálaithe a chinntiú go léirítear meas ar ainmneacha agus seoltaí custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse faoin 1 Eanáir 2030, agus tríd an reachtaíocht a leasú faoina ndéanfar rialáil ar chonarthaí amach anseo do chóras na bpostchód náisiúnta; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.
Cosúil leis na busanna, bímid ag fanacht orthu ar feadh tamall fada - sa chás seo, le breis is 100 bliain - agus tagann dhá cheann le chéile. Seo an dara Bille tionscnaithe agus foilsithe as Gaeilge ina iomláine. Tá ceann inniu agus bhí ceann inné uaim. An cheist atá ag déanamh tinnis dúinn inniu ná ag déileáil le ceist an tsínte fhada ar ainmneacha do dhaoine a bhfuil ainmneacha breá Gaelacha acu. Is iad Aer Lingus, Banc na hÉireann, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roinnt de na comhlachtaí a deir le daoine le hainmneacha Gaelacha in Éirinn: "Your name is invalid". Níl faic invalid faoi ainm Gaelach in Éirinn. Sa bhliain 1366 a tháinig an coincheap seo d’ainm invalid isteach in Éirinn le Reachtanna Chill Chainnigh. In 1518, dúirt Bardas na Gaillimhe "neither O nor Mac shall strut or swagger through the streets of Galway". Coilíneachas a bhí i gceist agus cos ar bolg ar na Gaeil. Tá an lá sin thart. Ar bhealach, tá an leithcheal fós le feiceáil ón Stát agus ó chomhlachtaí móra a chuireann iachall ar dhaoine a n-ainmneacha a Bhéarlú nó a mheasrú ón mbrí ársa Ghaelach atá ag baint leo. Cuirfidh an Bille seo an éagóir sin ar ceal.
Déanann an Bille seo cearta an duine maidir lena ainm a dheimhniú, mar atá aitheanta i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, tríd soiléiriú go bhfuil sé de cheart ag duine a shonraí a fháil ceartaithe de réir GDPR, ainmneacha agus seoltaí Gaelacha an duine le síntí fada, mar ba léir ón gcás a ghlac Ciarán Ó Cofaigh, agus é ag lorg go gceartófar taifead ar a ainm agus é faoi chúram in ospidéal na Gaillimhe. Ghlac sé an cás sin in 2019. Beidh dualgas freisin ar rialaitheoirí na gcomhlachtaí príobháideacha san airgeadas, san fhóntas, sa chumarsáid agus san aerthaisteal ach go háirithe ó 2030 a chinntiú go mbeidh deis ag custaiméirí agus úsáideoirí na seirbhísí a n-ainmneacha agus a seoltaí a thaifead i nGaeilge, nó bheidh pionós le gearradh ar na comhlachtaí nach ndéanfadh amhlaidh.
Anuas air sin, beidh dualgas ar an gconradh don chóras Eircode amach anseo cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, maidir le logainmneacha Gaeltachta a bheith i nGaeilge amháin, agus gan Béarlú a dhéanamh ar sheoladh nó sonraí an duine, rud atá tar éis fearg an phobail agus gearán chuig an gCoimisinéir Teanga a spreagadh le blianta anuas. Molaim an Bille seo.