I thank the Cathaoirleach. There is interpretation. I think that the committee has my script in English and I will read the script in Irish.
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an choiste as cuireadh a thabhairt dom anseo inniu chun labhairt libh go léir ar thairseach ár nUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a thosóidh i gceann seachtaine, ar éigean.
Tá gach gné den phleanáil oibríochtúil don Uachtaránacht forbartha go maith agus leanfaidh obair dhian sna laethanta agus sna huaireanta deiridh chun a chinntiú go mbeimid réidh don chlár de thart ar 270 cruinniú in Éirinn a thosóidh ón 1 Iúil. Beidh na himeachtaí seo ar siúl ar fud na tíre chun tacú le tosaíochtaí beartais Uachtaránacht na hÉireann a chur i gcrích. Beidh siad ina ndeis thábhachtach freisin chun Éire a chur i láthair do thart ar 30,000 toscaire ó gach cearn den Eoraip a thaistealóidh chuig cruinnithe le linn na sé mhí atá romhainn.
Ba mhaith linn a bheith inár n-óstaigh mhaithe, chun fáilte thraidisiúnta chroíúil Éireannach a chur roimh ár gcomhpháirtithe ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá obair oibríochtúil shuntasach déanta ar fud an Rialtais chun seo a chinntiú, faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, i gcomhar le gach Roinn Rialtais, le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis An nGarda Síochána.
Is cur chuige mór, comhtháite agus uile-rialtais é seo ar scála gan fasach agus táim muiníneach go gclaochlóidh an phleanáil a rinneadh go dtí seo ina cur i gcrích oibríochtúil éifeachtach.
Seoladh ár dtosaíochtaí agus ár gclár beartais don Uachtaránacht níos luaithe an mhí seo, an tseachtain seo caite. Tabharfaimid clár oibre uaillmhianach chun cinn atá dírithe ar thrí phríomhcholún théamacha: iomaíochas, luachanna agus slándáil. Oibreoimid freisin ar thosaíochtaí a chuimseoidh na trí cholún théamacha, lena n-áirítear tacaíocht leanúnach an Aontais Eorpaigh don Úcráin agus comhaontú a lorg ar bhuiséad an Aontais, an creat airgeadais ilbhliantúil, CAI, don tréimhse ó 2028 go 2034. Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as gnóthaí Eorpacha, beidh mé i mo chathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta don chéad sé mhí eile, le cúig chruinniú fhoirmiúla sa Bhruiséil agus i Lucsamburg chomh maith le cruinniú a bheidh á óstáil anseo i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair. Le linn ár nUachtaránachta, leanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ag tabhairt obair thábhachtach chun cinn ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil, iomaíochas, an treochlár Eoraip Amháin, Margadh Amháin, méadú an Aontais Eorpaigh, an smacht reachta, athléimneacht dhaonlathach agus caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an Ríocht Aontaithe. Beidh simpliú ar chlár oibre gach cruinniú den chomhairle agam leis. Déanfaidh mé tagairt ghearr do gach ceann de na réimsí beartais seo.
Maidir le hiomaíochas, glacann Éire leis an Uachtaránacht ag tráth lárnach d’iomaíochas an Aontais Eorpaigh. Ní mór dúinn gníomhú go práinneach chun iomaíochas agus táirgiúlacht na hEorpa a fheabhsú. Is rudaí iad cuid mhaith de na tograí seo a bhfuilimid in Éirinn á moladh le blianta beaga anuas. Tacaímid go hiomlán leis an ngá atá le práinn agus aghaidh á thabhairt againn ar ár gceisteanna iomaíochais. Maidir le simpliú rialacha agus rialacháin an Aontais Eorpaigh, tá an treoir ó cheannairí an Aontais Eorpaigh soiléir: ní mór dúinn móiminteam agus uaillmhian leanúnach a fheiceáil, an t-ualach rialála do ghnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide, a laghdú, agus ard-uaillmhian á coinneáil againn faoi chaighdeáin chomhshaoil agus eile. Tá fonn orm go mbeidh ról lárnach ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i maoirseacht ar dhul chun cinn an chláir oibre shimpliúcháin sa Chomhairle agus clár straitéiseach a sholáthar chun an sruth oibre tábhachtach seo a chur chun tosaigh.
Trínár bhfócas ar luachanna, cothóimid bunús fíor-riachtanach ár nAontais agus leagfaimid béim ar thábhacht ról domhanda an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn Éire go láidir le méadú an Aontais Eorpaigh, arb é an beartas is fearr san Aontas Eorpach é chun slándáil, rathúnas agus cobhsaíocht ár Mór-Roinne a chinntiú. Is eol dúinn go díreach an tionchar claochlaitheach a bhíonn ag méadú an Aontais Eorpaigh ar shochaí agus ar gheilleagar na hÉireann agus creidimid go bhfuil na deiseanna céanna tuillte ag gach tír Eorpach. Tá fúinn iarrthóireacht gach tír gur iarrthóir nó iarrthóir ionchasach í a chur chun cinn ar an gcoinníoll go gcuirfidh sí i bhfeidhm na hathchóirithe is gá. Go háirithe, beidh fúinn iarrthóireacht na gceithre thír cheannródaíocha a chur chun tosaigh: Montainéagró, an Albáin, an Úcráin agus an Mholdóiv. Is iad an daonlathas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine bunluachanna ár nAontais, a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Le linn ár nUachtaránachta, beidh Éire ina habhcóide láidir do na croíluachanna seo, ag obair le comhpháirtithe agus institiúidí araon chun an smacht reachta a chur chun cinn agus a dhearbhú.
I réimse na slándála, tá a fhios againn nach féidir le haon tír atá ag gníomhú ina haonar aghaidh a thabhairt ar iomlán na ndúshlán slándála atá ann agus atá ag teacht chun cinn. Cruthaíonn tírdhreach geopolaitiúil atá ag dul in olcas agus éabhlóid bagairtí nua dúshláin shuntasacha don Eoraip. Táimid tiomanta clár oibre slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh a neartú le linn ár nUachtaránachta, nuair a chuirfear straitéis slándála Eorpach nua chun cinn.
Maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, is eol dúinn go léir anseo inniu an tionchar claochlaitheach a bhíonn ag buiséad an AE ar ár ndaoine agus ar ár sochaí, ónár bpobail talmhaíochta agus tuaithe, atá faoi bhláth, go dtí ár ndeiseanna iomadúla rochtana ar thaighde agus staidéar den scoth thar lear, an bonneagar a mbraithimid air agus an tiomantas leanúnach don tsíocháin agus don athmhuintearas ar ár n-oileán. Níl sé furasta teacht ar chomhaontú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Braithfidh sé ar go leor tosca nach bhfuil smacht againn orthu sa deireadh, lena n-áirítear toil chomhréitigh na mballstát. Mar sin féin, ní chuirfidh sé seo bac ar Uachtaránacht na hÉireann gach a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh chun an toradh a bhaint amach.
Maidir le caidreamh leis an Ríocht Aontaithe, ba chomóradh deich mbliana reifreann an Bhreatimeachta inné. Cé gur thugamar urraim iomlán do vóta mhuintir na Breataine, bhí aiféala orainn i gcónaí gur roghnaigh an Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach. Mar is eol dúinn, bhí tionchar mór ag torthaí an vóta sin ar Éirinn, ar Thuaisceart Éireann agus ar an gcaidreamh Thuaidh-Theas. Ní raibh na deich mbliana seo caite gan dúshláin maidir le dul i ngleic le hiarmhairtí an Bhreatimeachta. Mar sin féin, deich mbliana ina dhiaidh sin, tá áthas orm go bhfuil an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe anois i spás dearfach cuiditheach. Bhíomar ag ullmhú don chéad chruinniú mullaigh eile ar an 22 Iúil, ach tá sé seo curtha ar ceal anois toisc go mbeidh athrú Príomh-Aire ann. Beidh dualgas ar Uachtaránacht na hÉireann ullmhú don chruinniú mullaigh seo, nuair a tharlaíonn sé.
De réir mar a leanaimid leis na hullmhúcháin deiridh dár nUachtaránacht ar an AE, táimid tiomanta go hiomlán do luachanna na hÉireann a chur chun cinn agus ár leasanna eacnamaíocha agus taidhleoireachta a chosaint. Is deis iontach í seo d'Éirinn. Táim ag tnúth leis na sé mhí atá romhainn. Cuirim fáilte roimh cheisteanna agus roimh thuairimí na mball.