Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Questions (42)

Peadar Tóibín

Question:

31 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige leanúint leis na toghcháin chuig Bord Údarás na Gaeltachta i mbliana agus, mura bhfuil, cén tslí ina mbeartaíonn sé an Bord a thoghadh nó a roghnú. [27085/12]

View answer

Written answers

Tá cinneadh tógtha ag an Rialtas deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, beidh foráil sa Bhille Gaeltachta, a fhoilseofar go luath, chun feidhm a thabhairt do chinneadh an Rialtais. Leagfar amach an próiseas chun bord nua a cheapadh d'Údarás na Gaeltachta sa Bhille Gaeltachta fosta.

Share