Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Questions (180)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

180. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a chuirfear Cláir na dToghthóirí faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla ionas go mbeidh seoltaí as Gaeilge agus as Béarla air. [43475/13]

View answer

Written answers

Ba mhaith liom aird an Theachta a dhíriú ar cheist ghaolmhar (Ceist Dála Uimhir 87) a d'fhreagair mé ar an 14 Meitheamh 2012. Is ceist don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil é seo sa chéad áit.

Share