Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (922)

Éamon Ó Cuív

Question:

922. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1430/15]

View answer

Written answers

Mar chuid dá Phleanáil d’Fhórsa Saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil. Fuarthas nach bhfuil poist den chineál sin sa Roinn, ag an am seo, agus dá bhrí sin níl aon phoist faoi leith ainmnithe le riachtanas dátheangach. Tá é seo tugtha le fios don Roinn Caiteac hais Phoiblí agus Athchóirithe. Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta

Tá thart ar 2 6 ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge agus / nó Béarla nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.

Share