Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (855)

Éamon Ó Cuív

Question:

855. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén míniú atá aici ar scéim teanga a Roinne a bheith imithe in éag gan athnuachan; cad chuige an mhoill atá le scéim teanga nua dá Roinn a bheith daingnithe aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5813/16]

View answer

Written answers

Tá an dréachtscéim teanga don tréimhse 2016-18 atá ullmhaithe ag oifigigh mo Roinne i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla á breithniú agam faoi láthair roimh í a fhaomhadh agus a fhoilsiú. Ní miste a nótáil go bhfanann scéim reatha na Roinne i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear an scéim nua.

Share