Skip to main content
Normal View

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 July 2016

Thursday, 7 July 2016

Questions (43)

Éamon Ó Cuív

Question:

43. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ó aistríodh an cúram ar ais chuig a Roinn maidir le síneadh a chur ar chéibh Inis Oírr. [19878/16]

View answer

Written answers

Tá sé socraithe go gcuirfear ciste an Rialtais don ché ar Inis Oírr ar fáil trí mo Roinn. Mar is eol don Teachta, rinneadh léirmheas ar Vóta mo Roinne, mar atá sonraithe san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe leasaithe do 2016, ag an Roghchoiste ar Chúrsaí Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar 5 Iúil 2016. Beidh sé i gceist ag mo Roinn bualadh leis na hoifigigh cuí i gComhairle Chontae na Gaillimhe go luath chun an obair seo a chur chun tosaigh.

Share