Skip to main content
Normal View

Tionscadail Oidhreachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Questions (166)

Pearse Doherty

Question:

166. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé de rún aici reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach chun cosaint níos fearr a thabhairt do shuímh ina bhfuil oidhreacht thógtha lonnaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31307/16]

View answer

Written answers

Tá mé sásta go bhfuil an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, éifeachtach ó thaobh ár n-oidhreacht thógtha a chosaint.  Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag m'oifigigh ar fheidhmiú an Achta, a mhéid a bhaineann sé leis an gcosaint seo. Go ginearálta, bíonn athruithe ar an reachtaíocht pleanála faoi chaibidil leanúnach ag mo Roinnse agus an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Share