Skip to main content
Normal View

Deontais faoi Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 December 2017

Thursday, 7 December 2017

Questions (307)

Éamon Ó Cuív

Question:

307. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a chríochnófar an t-athbhreithniú atá iarrtha ag Muintearas ar chinneadh gan cuid den deontas don scéim seirbhísí réamhscoile agus Iarscoile a íoc leo. [52372/17]

View answer

Written answers

Beidh an t-athbhreithniú atá luaite ag an Teachta á dhéanamh ag oifigeach sinsireach de chuid mo Roinne nach raibh ag plé leis an gcás seo go nuige seo. 

Táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe gan mhoill. 

Share