Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 July 2018

Thursday, 12 July 2018

Questions (764)

Éamon Ó Cuív

Question:

764. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aici nó ag a Roinn le Banc Ceannais na hÉireann maidir leis an ngá atá ann go mbeidh seirbhísí Comhair Creidmheasa as Gaeilge ar fáil ar fud an stáit; cérbh é toradh na gcomhráití sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31929/18]

View answer

Written answers

Bíonn plé ag mo Roinn le Banc Ceannais na hÉireann maidir lena scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tháinig an dara scéim dá chuid i bhfeidhm ar 18 Eanáir 2016 agus tá iarrtha air anois faoi Alt 15 den Acht an chéad scéim eile a ullmhú.

Níor pléadh na seirbhísí a chuireann Comhair Chreidmheasa as Gaeilge ar fáil ar fud na tíre leis an Bhanc Ceannais mar nach bhfuil ról monatóireachta teanga den tsaghas sin ag an Bhanc Ceannais.

Share