Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 January 2023

Thursday, 19 January 2023

Questions (255)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

255. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil sí ar an eolas faoin tuarascáil atá réitithe le tamall anois ag Ollscoil na Gaillimhe do CNCM ar an gcomhairliúchán a bhí ar siúl faoi na sonraíochtaí Gaeilge don ardteistiméireacht, nó ar chuir CNCM cóip di chuici; an bhfuil sé i gceist í a fhoilsiú go poiblí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2499/23]

View answer

Written answers

Tugadh curaclam reatha Gaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe) isteach i scoileanna i 1995. Bunaithe ar thaighde agus ag tógáil ar an tsamhail soláthair atá i bhfeidhm cheana féin ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) grúpa forbartha ionadaíoch don ábhar in 2018 chun tús a chur le hobair ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 a fhorbairt do Ghaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe). D’oscail an CNCM comhairliúchán ar dhréachtshonraíochtaí T1 agus T2 i mí Feabhra 2021. Mar fhreagairt ar aiseolas agus éilimh ó pháirtithe leasmhara, cuireadh síneadh leis an spriocdháta don chomhairliúchán seo go deireadh mhí na Samhna 2021. Cuireadh cóip den tuarascáil chomhairliúcháin faoi bhráid mo Roinne le déanaí dá breithniú

Share