Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta liom go bhfuil céimeanna ullmhúcháin a gcur in áit ag an Údarás chun an scéim phíolótach seo a thairiscint do suas le 10 gcliant faoi thús an Fhómhair 2024. Tuigtear dom go bhféadfaí cur leis an líon cliaint ach breis maoinithe a bheith curtha ar fáil chuige sin i mbliana. Tá cás maoinithe déanta ag an Údarás chuig mo Roinn ina leith. Tá an cás seo á bhreithniú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.
Tá obair ar siúl ag an Údarás faoi láthair le hábhar tacaíochta a chur ar fáil chomh maith le critéir agus córas mheasúnaithe a fhorbairt don scéim píolótach.
Díríonn ar scéim ar chomhoibriú le cliaint ar leith le fostaithe sa ghnó a aithint a bheadh sásta agus oilte feidhmiú mar Áisitheoirí Teanga ar feadh roinnt uaireanta an chloig gach seachtain. Beidh na háisitheoirí seo ag comhoibriú leis an Údarás le Plean Forbartha Gaeilge a fheidhmiú sa ghnó thar tréimhse trí bliana.
Beidh gá tacaíocht a chur ar fáil do na hAisitheoirí Teanga ina gcuid oibre sa réimse seo. Chuige seo tá an tÚdarás ag réiteach clár oiliúna a bheidh dírithe ar spriocanna an Phlean Forbartha Gaeilge a bhaint amach. Cuimseoidh sé seo réimse leathan gníomhaíochtaí bunaithe ar riachtanais an ghnó féin, riachtanais na bhfostaithe ar an láthair oibre, chomh maith lena riachtanais teanga sa mbaile nó sa phobal.
Molaim an tÚdarás as tabhairt faoin obair seo. Tá go leor infheistíochta curtha isteach ag an Stát chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht chun tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus sé tábhachta úsáid na teanga a neartú san áit oibre mar thaca ag an infheistíocht seo.