Mairéad Farrell
Question:269. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an bhfuil dualgais reachtúla ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna chun (a) tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí pobail atá ag fáil maoiniú Stáit cheana, sa gcaoi go mbeidh siad in ann níos mó ranganna Gaeilge a chur ar fáil mar chuid d’oideachas pobail, agus (b) ranganna Gaeilge a chur ar fáil iad féin mar chuid d’oideachas pobail; an leagfaidh an tAire an reachtaíocht ábhartha amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24525/24]
View answer