Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.
Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.
Is iad seo a leanas an 10 Limistéir Pleanála Teanga atá i gceist:
• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
• Ná Déise;
• Ciarraí Theas;
• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
• Ciarraí Thiar;
• Conamara Láir;
• An Cheathrú Rua;
• Maigh Eo Thuaidh;
• Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,
• Árainn Mhór.
Tá dréacht garbh den tuairisc feicthe ag oifigigh mo Roinne agus bhí cruinniú ag mo Roinn ar an 23/05/2024. Phléigh an Roinn agus Barr Feabhais an athbhreithniú sa chruinniú agus dheimhnigh Barr Feabhas go mbeidh an tuarascáil chríochnúil curtha faoi bhráid mo Roinne laistigh de seachtain nó dhó.
Nuair a bheidh deis ag mo Roinn leagan críochnúil den tuarascáil a bhreithniú, beifear in ann breathnú chun cinn ar an gcéad bhaisc eile de phleananna a mbeidh athbhreithniú le déanamh orthu.