Skip to main content
Normal View

Scoláireachtaí Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2024

Thursday, 30 May 2024

Questions (45)

Éamon Ó Cuív

Question:

45. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil i gceist aici tuilleadh scoláireachtaí a bhronnadh ar scoláirí ón mórthír le freastal ar na meánscoileanna ar na hoileáin i bhfianaise chomh maith agus atá éirithe leis an scéim scoláireachtaí go dtí seo agus an gá atá ann na scoileanna a choinneáil inmharthanach. [24294/24]

View answer

Written answers

Tá maoiniú a chur ar fáil ag an Roinn don Scéim ÁRAINN Gaeltachta i gcomhair costais lóistín a chuireann teaghlaigh atá aitheanta ag an Roinn ar fáil do scoláirí ón mórthír a dhéanann freastal ar na hiarbhunscoileanna ar na trí oileán Árainn don scoilbhliain iomlán. 

Tá na trí scoil, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, agus Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin aitheanta faoin scéim agus í á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC). 

Faoi láthair, is 30 scoláire atá ceadaithe do na trí oileán, 10 scoláire in aghaidh na scoile.  Meastar go bhféadfadh níos mó scoláirí ón mórthír ag freastal ar na scoileanna Gaeltachta seo tionchar diúltach a imirt ar iompar teanga ghasúir na n-oileán.  Ar an mbunús sin, níl beartaithe tuilleadh scoláireachtaí a cheadú faoin scéim.

Question No. 46 answered with Question No. 10.
Share