Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 June 2024

Tuesday, 11 June 2024

Questions (357)

Éamon Ó Cuív

Question:

357. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a dhéanfar faomhadh ar phlean teanga an Chlocháin, baile seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24980/24]

View answer

Written answers

Chuir Foras na Gaeilge dréacht plean teanga do Bhaile Seirbhíse na Gaeltachta An Chlochán faoi bhráid na Roinne ag deireadh 2023. Tar éis don Roinn an plean teanga a mheas bhí gá dul ar ais chuig an bhForas chun soiléiriú a fáil i leith roinnt gnéithe. Is mian liom a dheimhniú go bhfuil leagan leasaithe den phlean teanga faighte ag an Roinn le déanaí agus go bhfuiltear a mheas faoi láthair.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, go dáta, tá pleananna teanga curtha faoi bhráid mo Roinne agus ceadaithe i leith ocht mBaile Seirbhíse Gaeltachta den sé cinn déag uile atá aitheanta. Anuas air sin, tá trí Líonra Gaeilge reachtúil aitheanta go nuige seo faoin bpróiseas sa deisceart chomh maith le dhá cheann neamhreachtúil aitheanta ag Foras na Gaeilge sa tuaisceart.

Share