Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2024

Wednesday, 12 June 2024

Questions (55)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

55. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Iompair an bhfuil sé ar an eolas nach bhfuil seirbhís trí Ghaeilge nó suíomh idirlíon trí Ghaeilge fiú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, agus go ndéanann an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána teagmháil go huathoibríoch le custaiméirí i mBéarla amháin, agus an bhfuil sé i gceist aige an tÚdarás agus an tSeirbhís a fhorordú faoi chúram an Choimisinéara Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. [25626/24]

View answer

Written answers

De réir an Achta fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, is ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) atá an fhreagracht reachtúil as gach gné den tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána (NDLS). Tá mé tar éis ceist an Teachta a chur faoi bhráid an RSA dá bhrí sin le go bhféadfaidh siadsan freagra díreach a thabhairt dó. D’iarrfainn ar an Teachta teagmháil a dhéanamh le m’oifig mura mbeidh freagra faighte aige laistigh de 10 lá.

A referred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 51.
Share