Skip to main content
Normal View

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 27 June 2024

Thursday, 27 June 2024

Questions (171)

Éamon Ó Cuív

Question:

171. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén cineál plé a bhí aici nó ag a Roinn leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige nó lena Roinn maidir leis an dochar fadtéarmach a d’fhéadfadh lonnú teifeach ón Úcráin nó ó thíortha eile i nGaeltachtaí láidre a dhéanamh do staid leochaileach na Gaeilge sna limistéir sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27868/24]

View answer

Written answers

Is ceist don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Imeasctha í lóistín a sholáthar d’Iarrthóir ar Chosaint Idirnáisiúnta agus do theifigh agus níl aon ról ag mo Roinn staidéar dá leithéid a dhéanamh.

Sa chomhthéacs sin, bhí plé teoranta ag oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe sa Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Imeasctha maidir le cásanna áirithe inar ardaíodh ceisteanna le mo Roinn maidir le lonnú Iarrthóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta agus teifigh sa Ghaeltacht.

Share