Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Meáin san áireamh.
Bíonn cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh na Roinne agus Comhairle Contae na Gaillimhe chun plé agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt céanna ar Inis Oírr agus Inis Meáin. Reáchtáladh an cruinniú ba dheireanaí ar an 18ú Meitheamh agus beidh an chéad cheann eile ar an 16ú Iúil.
Tá beannacht mo Roinne tugtha do Chomhairle Contae na Gaillmhe próiseas tairisceana a reáchtáil chun innealtóirí comhairleacha a cheapadh le Réamhchás Gnó a fhorbairt - le Measúnú Stráitéiseach san áireamh - agus breathnú ar gach aon rogha a d’fhéadfadh a bheith ann chun áiseanna sábháilte cuain a chur ar fáil ar Inis Meáin. Pléadh an dréachtcháipéis tairisceana a d’ullmhaigh Comhairle Contae na Gaillimhe ag an gcruinniú ar an 18ú Meitheamh agus táthar ag súil go bhfoilseofar é ar eTenders níos déanaí sa mhí seo.
Aontaíonn mo Roinn agus Comhairle Contae na Gaillimhe go gcaithfear deiseanna rannpháirtíochta a thabhairt do phobal Inis Meáin leis na comhairleoirí neamhspleácha a bheidh le ceapadh, chun cinntiú go mbeidh ionchur ag an bpobal uile sa phróiseas.
Leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe ar mhaithe leis an bpróiseas sin a thabhairt chun críche agus comhairleoirí a cheapadh chomh luath agus is féidir.