Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 July 2024

Tuesday, 23 July 2024

Questions (901)

Mairéad Farrell

Question:

901. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil an t-athbhreithniú straitéiseach ar Muintearas Teo. curtha i gcrích agus faofa ag Údarás na Gaeltachta; má tá, céard iad na himpleachtaí a bheas ann don eagraíocht sin de dhroim an athbhreithnithe sin agus cén costas a bheas ar aon bhearta atáthar a mholadh san athbhreithniú sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31073/24]

View answer

Written answers

Tuigtear dom go bhfuil straitéis eatramhach dhá bhliain á forbairt ag Muintearas i láthair na huaire, agus súil go mbeidh sé réidh le cur i bhfeidhm ó Fhómhar 2024 go Fómhar 2026. Is é cuspóir na straitéise eatramhaí seo deis a thabhairt straitéis níos fadtéarmaí a fhorbairt don eagraíocht.

I measc na ngnéithe éagsúla a aithnítear a bhfuil gá don eagraíocht aghaidh a thabhairt orthu sa straitéis, tá cur chuige níos uaillmhianaí agus níos córasaí i dtaobh seirbhísí óige a fhorbairt agus athneartú a dhéanamh ar réimse oiliúna agus traenála na heagraíochta.

Mar chuid den obair seo, tá próiseas comhairliúcháin ar bun le foireann na heagraíochta i láthair na huaire agus táthar ag súil go mbeidh an straitéis eatramhach críochnaithe agus faofa ag Bord Mhuintearas roimh dheireadh an tsamhraidh.

Déanfar fógraí maidir le costais measta na mbearta a eascraíonn ón athbhreithniú in am trátha agus cuirfear i bhfeidhm iad de réir mar a thagann acmhainní airgeadais ar fáil don eagraíocht.

Share