Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 February 2025

Thursday, 6 February 2025

Questions (109)

Conor D. McGuinness

Question:

109. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar an eolas faoin easpa oifige poist i nGaeltacht na nDéise le nach mór bliain anuas – an tseirbhís stáit dheireanach a bhí ar fáil sa cheantar Gaeltachta sin; an dtabharfaidh sé cead d’Údarás na Gaeltachta maoiniú nó infheistíocht a chur ar fáil chun tacú le saincheadúnaí dul i ngleic leis na constaicí airgeadais a bhaineann leis an tseirbhís a chur ar fáil; an mbuailfidh sé leis an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun réiteach a fháil ar an tsaincheist seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3614/25]

View answer

Written answers

Níor mhór a nótáil gur saincheisteanna oibriúcháin do An Post iad ceisteanna a bhaineann leis an ngréasán poist.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil scrúdú déanta ar an bhféidearthacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d'aon mhiondíoltóir a bheartaíonn an tseirbhís poist a sholáthar ar son An Post i nGaeltacht na nDéise, ach ní shásódh a leithéid de thionscadal na ceanglais incháilitheachta d'aon cheann de na scéimeanna reatha atá á reáchtáil ag an eagraíocht.

Share