Aengus Ó Snodaigh
Question:175. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cén plean atá ann chun tabhairt faoi mhangairí drugaí agus faoi shaibhreas na mangairí sin i mBaile Átha Cliath 8, 10 agus 12. [11954/25]
View answerDáil Éireann Debate, Thursday - 20 March 2025
175. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cén plean atá ann chun tabhairt faoi mhangairí drugaí agus faoi shaibhreas na mangairí sin i mBaile Átha Cliath 8, 10 agus 12. [11954/25]
View answerTá sé mar phríomhthosaíocht ag an Rialtas agus ag mo Roinn dul i ngleic le mangaireacht drugaí agus spriocdhíriú ar obair na ngrúpaí coireachta eagraithe is cúis le himeaglú, le foréigean agus le hainnise do theaghlaigh agus do phobail.
Rinneadh roinnt príomhghníomhartha mar chuid den phlean atá againn chun dul i ngleic le húsáid neamhdhleathach drugaí. Áirítear leo sin:
• An phianbhreith uasta mar gheall ar chomhcheilg um dhúnmharú a mhéadú ó phianbhreith deich mbliana go pianbhreith saoil chun dul i ngleic leo sin a stiúrann drongchoireacht agus coireacht a bhaineann le drugaí;
• Dlíthe nua a achtú lena ndéanfar coir de leanaí a réiteach do shaol an choirpigh;
• Dlíthe nua a dhréachtú lena bhforálfar do theicneolaíocht aghaidh-aitheanta a úsáid le linn imscrúdú a dhéanamh ar chionta áirithe drugaí;
• Tacú le clár tacaíochta a chur i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an nasc idir dronga agus na leanaí a bhféachann siad le hiad a earcú.
Tá mo Roinn ag obair freisin chun reachtaíocht a thabhairt isteach lena dtreiseofar arís eile leis an gcumas atá ag an Stát sócmhainní coiriúla a urghabháil agus spriocdhíriú ar fháltais ó choireacht. Toradh eile a bheidh ar an mBille nua is ea dlús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le sócmhainní urghafa a dhiúscairt chun tairbhe don Stát.
Mar aon leis na bearta reachtacha agus na bearta eile a thug mo Roinn isteach, soláthraíodh cistiú gan fasach don Gharda Síochána, rud a chuir ar chumas an Choimisinéara acmhainní breise a shannadh do na sainaonaid atá ag dul i ngleic le coireacht eagraithe.
Is é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe atá ar thús cadhnaíochta na hoibre chun dul i ngleic le gach cineál gáinneála ar dhrugaí agus leis an soláthar drugaí aindleathacha in Éirinn. Bunaíodh an Biúró sa bhliain 2015. Ó shin i leith, d’urghabh an t-aonad drugaí aindleathacha ab fhiú €627 milliún, 171 arm tine agus 6,586 urchar armlóin, agus rinne sé 1,722 ghabháil.
Leanann an Garda Síochána le spriocdhíriú orthu sin a ghabhann do mhangaireacht sráide drugaí ar fud na tíre. Díríonn sé freisin ar chur isteach ar na líonraí gáinneála ar dhrugaí a bhfuil tionchar acu ar ár bpobail, agus ar na líonraí sin a bhaint as a chéile, agus ar na daoine sin a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht sin ar gach leibhéal a ionchúiseamh trí Oibríocht Tara.
Is é an aidhm atá le hOibríocht Tara cur isteach ar líonraí gáinneála ar dhrugaí agus iad a bhaint as a chéile agus a ionchúiseamh ar gach leibhéal – an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil – mar gheall ar dhrugaí rialaithe a allmhairiú, a dháileadh, a shaothrú, a tháirgeadh, agus a dhíol agus a sholáthar go háitiúil.
Faoi Oibríocht Tara, beidh daoine aonair agus grúpaí a bhfuil baint acu leis an trádáil drugaí ina n-ábhar do ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a bheidh bunaithe ar fhaisnéis agus ar na treochtaí coireachta is déanaí. Tá Aonaid Rannacha Drugaí i mbun oibre i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath Theas, Theas-Láir agus Thiar, agus is iad an ghné imscrúdaithe áitiúil d’Oibríocht Tara iad.
Nuair a shainaithnítear coiriúlacht, sainaithníonn Próifíleoirí Rannacha um Shócmhainní rachmas neamh-mhínithe, agus féadfaidh siad cásanna cuí a tharchur chuig an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe.