Cuireadh breis is €109 milliún ar fáil ón gCiste Infheistíochta Ionad Pobail (CIIP) ó 2022 i leith chun ionaid phobail atá ann cheana a fheabhsú agus a athchóiriú agus chun ionaid nua a thógáil.
Go luath in 2024, ceadaíodh maoiniú os cionn €30 milliún ón gciste seo chun 12 ionad pobail nua a thógáil i naoi gcontae. Áirítear leis seo tógáil ionad pobail ilchuspóireach i gCill Raithin, Maigh Cuilinn, agus Údarás na Gaeltachta mar Phríomh-Iarratasóir. Áiríodh leis an maoiniú don tionscadal leithdháileadh €6 mhilliún ón CIIP, agus rinneadh soláthar dó sin laistigh den leithdháileadh buiséid atá ann cheana féin ag mo Roinnse. Leagadh amach san iarratas ó Údarás na Gaeltachta freisin go gcuirfí €1 mhilliún breise ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga. Mar is eol don Teachta, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht as feidhm na Gaeltachta anois agus déanfar an ghné seo den mhaoiniú a phróiseáil ar an ngnáthbhealach faoin gClár sin.
Tuigim gur cuireadh an tionscadal beartaithe ar thairiscint le déanaí agus leanfaidh mo Roinnse de bheith i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta maidir lena sheachadadh.