Tuigtear dom go raibh cruinniú ag Oifigigh na Roinne le Coiste Stiúrtha an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an 12 Feabhra 2024. Thug an Coiste léargas don Roinn ar na dúshláin a bhí le sárú ag an Ionad.
Míníodh dóibh na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn agus go gcuireann an Roinn agus Údarás na Gaeltachta maoiniú ar fáil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta. I measc na seirbhísí eile a chuireann an eagraíocht sin ar fáil, tá:
• Seirbhís Luathbhlianta ón aois 6 mhí ar aghaidh lena n-áirítear cúram Naíolainne, Naíonra, Réamhscoile agus iarscoile.
• Seirbhís tacaíochta do thuismitheoirí/chaomhnóirí, coistí agus fostaithe na seirbhísí.
• Cúrsaí éigeantacha don réimse m.sh., Cosaint Leanaí, Garchabhair, Sábháilteacht Dóiteáin.
• Fostaíocht sna seirbhísí Gaeltachta.
• An Scéim 'Nasc Leis an mBunscoil'.
• An Scéim Pleanála Teanga 'Borradh'.
• Tacaíochtaí Teanga do sheirbhísí.
Is fiú a nótáil freisin go gcuireann mo Roinn maoiniú caipitil ar fáil freisin, deontas suas le 95% do sheirbhísí luathbhlianta atá lonnaithe sa Ghaeltacht.