Is prionsabal bunúsach inár gcóras oideachais é go bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag institiúidí ardoideachais. Ní féidir leis an rialtas a rá leo cad é atá le teagasc ná an chaoi le dul i mbun teagaisc. Ina áit sin, oibríonn an córas ar bhonn freagrúlachta do riachtanais agus d’éilimh, i gcomhthéacs an chreata maidir le córas feidhmíochta an Údaráis um Ard-Oideachas.
Is é ról atá ag mo Roinn ná a chinntiú go dtuigeann an earnáil tosaíochtaí náisiúnta; go dtacaíonn sí le hInstitiúidí Ardoideachais chun a n-oibleagáidí maidir le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge a chomhlíonadh; agus go n-oibríonn sí i gcomhpháirtíocht chun dul i ngleic le bacainní ar dhul chun cinn.
Chuige sin, tacaíonn mo Roinn le hInstitiúidí Ardoideachais, tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) trí mhaoiniú blocdheontais agus leithdháiltí imfhálaithe a sholáthar chun tacú le tionscnaimh na Gaeilge san earnáil. Áirítear leis sin €1.8 milliún in aghaidh na bliana d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, a bhfuil ról lárnach aici i soláthar cúrsaí tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, cuirtear €900,000 ar fáil gach bliain chun tacú le húsáid níos leithne na Gaeilge ag mic léinn agus ag baill foirne ar fud earnáil an ardoideachais.
Creidim, áfach, gur gá níos mó a dhéanamh chun tacú le teagasc agus stádas na Gaeilge san ardoideachas, go háirithe i gcomhthéacs na sprice 20% d’earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Ní mór don obair sin a bheith ag teacht le cuspóirí an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Chuige sin, tugadh treoir do mo Roinn dul i mbun oibre go gníomhach ar fud an rialtais chun an obair sin a chur chun cinn.
Ciallóidh sé sin, ar dtús, go mbeidh gá le hoibriú leis an Roinn Oideachais agus Óige chun scrúdú a dhéanamh ar aistriú daltaí ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge go dtí an tríú leibhéal.
Ar an dara dul síos, dul i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun grúpa oibre earnála a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh oideachas tríú leibhéal cur le spriocanna teanga na seirbhíse poiblí .
Ar an tríú dul síos, taighde a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar an éileamh atá ann cheana féin agus ar an éileamh amach anseo.
Ar an gceathrú dul síos, scrúdú a dhéanamh ar chuimsiú cúrsaí trí mheán na Gaeilge i bpróisis léirithe spéise amach anseo i réimsí ina bhfuil gá le scileanna.
Ar an gcúigiú dul síos, féachaint d’inbhuanaitheacht agus d’úsáid na Gaeilge sa straitéis náisiúnta atá le teacht maidir le hoideachas treasach.
Leis na bearta sin, creidim go ndéanfaidh mo Roinn dul chun cinn tábhachtach maidir leis an teanga agus soláthar seirbhísí Gaeilge a chur chun cinn.