Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 December 2025

Thursday, 4 December 2025

Questions (546)

Barry Heneghan

Question:

546. D'fhiafraigh Deputy Barry Heneghan den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta an chumhacht reachtúil a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta atá i mBille Údarás na Gaeltachta chun talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68857/25]

View answer

Written answers

Chríochnaigh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 Céim an Choiste i nDáil Éireann níos túisce i mbliana. Tógfar an Bille ag Céim na Tuarascála in am trátha. Leanfar leis an mbille a chur tríd an bpróiseas reachtach agus na leasuithe a bhí luaite agam ag Céim an Choiste a thabhairt chun cinn.

Is é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis an príomhchuspóir atá i gceist le Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 agus tá sé i gceist ról tanaisteach maidir le soláthar tithíocht sa Ghaeltacht a bhronnadh ar an eagraíocht chomh maith. Chuige sin, déantar leasú sa Bhille ar Alt 8 den phríomh-acht, sin í Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, agus cuirtear an méid seo a leanas san áireamh:

Féadfaidh an tÚdarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe (de réir bhrí Acht na dTithe (Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe a Rialáil), 2019) nó le húdarás tithíochta (de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992), nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Ó achtú Acht na Gaeltachta 2012, féadfaidh an tÚdarás cibé scéimeanna, tionscadail, cláir agus saoráidí is cuí leis a sheoladh, a rialú agus a bhainistiú sa Ghaeltacht i leith fhorbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta. Tá cumhachtaí leathan, mar sin, ag Údarás na Gaeltachta mar a bhaineann sé le seirbhísí ar leith a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fóstaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin. Dá bharr seo, níl i gceist agam aon fhorálacha breise seachas an méid atá sa Bhille cheana féin maidir le cúrsaí tithíochta a chur san áireamh sa Bhille agus é ag dul tríd an Oireachtas.

Share