Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 December 2025

Thursday, 11 December 2025

Questions (159)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

159. Deputy Aengus Ó Snodaigh asked the Minister for Education and Youth an bhfuil aon phlean aici chun Gaelscoil nó Gaelcholáiste nua a oscailt, nó scoil reatha a iompú ina Gaelscoil nó ina Gaelcholáiste, an bhliain seo chugainn nó sna blianta ina dhiaidh sin, bunaithe ar an éileamh ó thuismitheoirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [70852/25]

View answer

Written answers

Tacaím go hiomlán leis an ról tábhachtach a imríonn an t-oideachas lán-Ghaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Thugamar gealltanas i gClár an Rialtais cur leis an líon deiseanna atá ag daltaí agus scoláirí freastal ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí, mar aon le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú in áiteanna ina bhfuil éileamh orthu agus tacú le tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a roghnú dá leanaí.

Chuige sin, d’fhoilsigh mo roinn Polasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le déanaí. Mar chuid den pholasaí sin, bhunaigh mo roinn tascfhórsa um shamhlacha soláthair don oideachas lán-Ghaeilge, rud atá ar cheann de na príomhghníomhartha faoin bpolasaí.

Tá an tascfhórsa ag éascú comhoibriú idir mo roinn agus geallsealbhóirí chun na samhlacha éagsúla oideachais lán-Ghaeilge a scrúdú agus chun teacht ar bhealaí inar féidir an soláthar oideachais lán-Ghaeilge a mhéadú.

Beidh breithniú ar sholáthar múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge ina thoisc ríthábhachtach in obair an tascfhórsa agus i soláthar oideachais ardchaighdeáin san earnáil.

Cuirfidh obair an tascfhórsa bonn eolais faoin gcur chuige a ghlacfar i leith an soláthar iar-bhunscoile lán-Ghaeilge a bhreithniú ar bhealach inbhuanaithe.

Idir an dá linn, leanann mo roinn le hobair i gcomhar le hIontaobhas Scoileanna Éamann Rís ar Scoil Bráithre Críostaí Shráid Synge i mBaile Átha Cliath 8 a athrú ó iar-bhunscoil lán-Bhéarla aonghnéis ina Gaelcholáiste comhoideachais ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2026.

Mar fhocal scoir, sheol mo roinn an ‘Suirbhé Bunscoile’ an 4 Samhain. Agus é ar an gceann is mó riamh dá leithéid de chuid mo roinne, tá an suirbhé sonrach don scoil agus iarrtar ann ar thuismitheoirí, caomhnóirí, baill foirne scoile agus comhaltaí Boird Bainistíochta a roghanna féin a chur in iúl i ndáil le roinnt gnéithe tábhachtacha de sholáthar bunscoile, lena n-áirítear teanga teagaisc na scoile.

Úsáidfear na roghanna a chuirfear in iúl sa suirbhé i ndáil le teanga an teagaisc chun bonn eolais a chur faoi chomhairliúchán féideartha áitiúil amach anseo maidir le deiseanna chun an soláthar oideachais trí Ghaeilge a mhéadú. Ní ionann an suirbhé agus an chéim dheireanach. I gcás go gcuirfidh tuismitheoirí agus caomhnóirí in iúl go soiléir go bhfuil siad i bhfách le hathrú, tosófar próiseas eile idirphlé ionchuimsithigh. Beidh an suirbhé ar siúl go dtí an Mháirt an 16 Nollaig.

Share