Skip to main content
Normal View

Ceisteanna Craolacháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 January 2026

Tuesday, 20 January 2026

Questions (185)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

185. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt cén dearcadh atá aige faoi mholadh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán go mbeadh neamhspleáchas eagarthóireachta ag TG4 maidir lena sheirbhís nuachta féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4123/26]

View answer

Written answers

Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán (FOMC) go mbeadh smacht eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a sheirbhísí nuachta. Moladh sin chun go mbeidh iolracht níos leithne i gclúdach nuachta agus chun cur ar chumas TG4 seirbhís fheabhsaithe a chur ar fáil dá lucht féachana. Glacadh leis an moladh i bprionsabal sa Rialtas faoi réir breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí airgeadais agus oibríochtúla a bhaineann lena chur i bhfeidhm.

Tacaím leis an moladh, agus measaim go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh iolrachta agus rogha níos leithne a chinntiú ó thaobh clúdaigh nuachta de.

Chun na críche sin, tá Coimisiún na Meán ag obair leis an dá chraoltóir chun impleachtaí an mholta a mheas, na roghanna féideartha chun rialú eagarthóireachta níos fearr a sholáthar do TG4 ar bhealach cost-éifeachtúil a d’fhéadfadh an beart a dhéanamh don lucht féachana, agus conas a d’fhéadfaí é sin a bhaint amach re réir a chéile. Tá ceisteanna go leor le tabhairt faoi mar chuid den phróiseas sin, ó chúrsaí airgeadais go hacmhainní daonna agus tionchair oibríochtúla.

Mar chuid den phróiseas sin, leanann TG4 agus RTÉ araon ag dul i ngleic leis sin chun gur féidir TG4 bogadh i dtreo smachta eagarthóireachta ar Nuacht TG4 a bhaint amach. Tuigim go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag na craoltóirí maidir le plean comhaontaithe a fhorbairt atá cost-éifeachtúil, inbhuanaithe agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an lucht féachana.

Cé go bhfuil obair ar siúl i ndáil le plean a fhorbairt chun go mbeadh smacht eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a sheirbhís nuachta, chonaic Coimisiún na Meán fiúntas i leith na hacmhainneachta atá ag TG4 seirbhís nuachta digiteach neamhspleách a fhorbairt. Rinne an Coimisiún cur síos air mar chéad chéim chuiditheach sa phróiseas, agus táthar ag súil go mbeadh costas thart ar €2.2m in aghaidh na bliana uirthi. Cé go bhfuil TG4 neamhspleách ó thaobh an dóigh a leithdháileann siad a gcuid acmhainní, is rud é seo a dtacaím leis, agus cuireadh san áireamh é agus maoiniú poiblí méadaithe á sholáthar do TG4 i mBuiséad 2026. Tuigim go bhfuil TG4 ag obair ar phlean chur chun feidhme chun é seo a thabhairt chun críche níos déanaí in 2026.

Leanann an Roinn de mhonatóireacht a dhéanamh ar an scéal, agus tá Coimisiún na Meán ag tabhairt comhairle di ar an dul chun cinn. Is é an aidhm atá leis ná moladh comhaontaithe atá praiticiúil agus cost-éifeachtúil, agus a thugann luach ar airgead agus a fhreastalaíonn ar lucht féachana na hÉireann ar an mbealach is fearr. Tá súil agam go ndéanfar dul chun cinn suntasach air sin, agus táim ag súil le tuilleadh a chloisteáil ó Choimisiún na Meán agus ó na craoltóirí níos déanaí i mbliana.

Share