Skip to main content
Normal View

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 22 January 2026

Thursday, 22 January 2026

Questions (202, 395)

Conor D McGuinness

Question:

202. D'fhiafraigh Deputy Conor D. McGuinness den Minister for Housing, Local Government and Heritage an dtabharfaidh sé sonraí faoi na teagmhálacha is déanaí a bhí aige leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le Treoirlínte Pleanála Gaeltachta; agus an bhfuil amchlár cinnte i gceist maidir lena bhfoilsiú [68473/25]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

395. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Housing, Local Government and Heritage an bhfuil sé sásta na dréacht-treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht a bhí geallta aige le foilsiú roimh an Nollaig seo a fhoilsiú ionas go mbeidh an pobal in ann comhairle a thabhairt maidir leo sula gcríochnóidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht sa bhliain 2027, agus an raibh aon chómhrá aige leis an Aire sin maidir le ráiteas a fhoilsiú níos luaithe ná 2027 i gcomhthéacs an ghéarchéim titíochta sa Ghaeltacht. [68525/25]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 202 and 395 together.

Mar atá leagtha amach i dTithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030 - Plean Gníomhaíochta maidir le Soláthar Tithíochta agus Díriú ar Easpa Dídine, foilseoidh muid Ráiteas Pleanála Náisiúnta sa chéad leath de 2027 i ndáil le tithíocht i gceantair Ghaeltachta.

Foráladh le hAlt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 go bhféadfadh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta treoirlínte a eisiúint d’údaráis phleanála maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht agus go raibh sé de dhualgas ar údaráis phleanála aird a thabhairt ar na treoirlínte sin agus iad i mbun a bhfeidhmeanna.

Aisghaireadh an t-alt sin an 2 Deireadh Fómhair 2025 de réir mar a aistríonn an córas pleanála chun feidhmiú faoi fhorálacha reachtacha nua an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2024.

Foráiltear le hAlt 25 d’Acht 2024 do chineál nua beartais agus treorach pleanála ar a dtugtar Ráiteas Pleanála Náisiúnta. Cuireadh an fhoráil sin i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 2025 agus dá bhrí sin, eiseofar beartas agus treoir phleanála amach anseo, lena n-áirítear an treoir nua beartais do Cheantair Ghaeltachta, ón Aire chuig údaráis phleanála i bhfoirm Ráitis Pleanála Náisiúnta.

Tá Grúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil mo Roinnse, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre maidir le saintreoir phleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. ?. Tá Grúpa Oibre ar leith ann chomh maith ar a bhfuil an dá Roinn agus Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann le ceantair Ghaeltachta. Bhí cruinnithe den Ghrúpa Idir-rannach agus den Ghrúpa Oibre ar siúl in 2023 agus lean rannpháirtíocht déthaobhach na Roinne ar aghaidh in 2024 agus 2025, agus an cruinniú is déanaí ar siúl i mí Iúil 2025.

Agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann na nithe casta atá i gceist a bhreithniú agus a thuilleadh de rannpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, déanfar measúnú ar Dhréachtráiteas Pleanála Náisiúnta críochnaithe chun críocha Measúnaithe Straitéisí Timpeallachta ?(MST) agus Measúnaithe Chuí (MC).

Leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024, an oibleagáid atá ar údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú agus cuspóirí a áireamh, nach mór aghaidh a thabhairt orthu agus a bPlean Forbartha á dhréachtú, lena rialaítear beartais forbartha áitiúla i leith aon cheantar Gaeltachta. Sa chás go bhfuil ceantar Gaeltachta laistigh de limistéar riaracháin an údaráis phleanála, ní mór cuspóirí a áireamh sa straitéis plean forbartha chun “oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail”. Sa chás go leagtar amach i bplean forbartha cuspóirí a bhaineann go sonrach le lonnaíocht i leith aon cheantar Gaeltachta, tabharfar isteach ‘Plean Tosaíochta don Cheantar’ ina dhiaidh sin chun treoir a thabhairt dá fhorbairt, dá athnuachan nó dá athghiniúint agus chun a shonrú conas a chuirfear na cuspóirí ábhartha a bhaineann go sonrach le lonnaíocht sa phlean forbartha i bhfeidhm.

Tugann na Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha d’Údaráis Áitiúla a foilsíodh i mí Iúil 2022 treoir bhreise d’údaráis áitiúla, lena n-áirítear léiriú a thabhairt ar na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht (LPTanna mar a cheanglaítear faoi Acht na Gaeltacht 2012) chomh maith le beartais bhreise a áireamh amhail ullmhú straitéisí tithíochta a bhfuil aird ar leith acu ar riachtanais chónaitheoirí na Gaeltachta, agus a chinntiú go mbíonn tionchar dearfach ag tograí forbartha i gceantair Ghaeltachta ar an oidhreacht teanga agus chultúrtha ar féidir measúnú láidir a dhéanamh uirthi ag céim an iarratais phleanála.

Ina theannta sin, tá mo Roinnse ina rannpháirtí lárnach i bhforbairt an bheartais nua Ár dTodhchaí Tuaithe, a thiocfaidh i bhfeidhm ó 2026. Bíonn mise agus mo Roinnse ag plé go rialta leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maidir le tithíocht agus an bonneagar riachtanach chun tacú le forbairt tithíochta.

Ar deireadh, chomh maith le tacú le tithíocht tuaithe, áirítear sa Chlár Rialtais líon suntasach gealltanas i ndáil le forbairt tithíochta i gceantair thuaithe, agus a dtabharfaidh mo Roinn aghaidh orthu, nuair is gá, i gcomhar le Gníomhaireachtaí ar nós Uisce Éireann agus Ranna Rialtais eile de réir mar is gá. Tá an Rialtas tiomanta, go háirithe, do bhonneagar a sholáthar chun tacú le tithíocht ar fud na tíre d’fhonn freastal ar riachtanais tithíochta.

Share