Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 February 2026

Wednesday, 4 February 2026

Questions (688)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

688. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta céard é líon na n-oifigeach forbartha Gaeilge (coibhéis lánaimseartha), i bhfoirm tábla, atá fostaithe ag gach údarás áitiúil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8516/26]

View answer

Written answers

Tá an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus na Gaeltachta freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn.

Faoi Alt 159 d’Acht Rialtais Áitiúil 2001, tá gach Príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe foirne agus eagrúcháin atá riachtanach chun feidhmeanna an údaráis áitiúil a bhfuil sé/sí freagrach astu a chomhlíonadh. Déanann mo Roinnse maoirseacht ar phleanáil lucht saothair don earnáil rialtais áitiúil, lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil fostaíochta san earnáil rialtais áitiúil. Chun na críche sin, bailíonn mo Roinnse sonraí ráithiúla comhiomlána ar líon na foirne i ngach údarás áitiúil ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha.

Mar sin féin, ní bhailítear sonraí gráinneacha, i dtéarmaí miondealú mionsonraithe ar líon agus gráid na foirne a leithdháiltear ar réimsí oibre ar leith laistigh d’údaráis áitiúla, agus dá bhrí sin níl fáil orthu i mo Roinnse. Bheadh an fhaisnéis ábhartha ar fáil ó na húdaráis áitiúla lena mbaineann.

Share