Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 February 2026

Thursday, 5 February 2026

Questions (15)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

15. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé leis an athbhreithniú ar phleananna teanga sa Ghaeltacht go bhfuil staid "éigeandála sa Ghaeltacht" agus géarghá le gníomh "práinneach" le dul i ngleic le meath na teanga sa phobal; an gcuirfidh an Rialtas moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm ina n-iomlán; an féidir leis na botúin a bhí le ceartú tar éis foilsiúcháin na tuarascála a chur in iúl agus a mhíniú. [8765/26]

View answer

Written answers

Baineann roinnt mhaith de na moltaí atá san athbhreithniú a foilsíodh Dé Luain seo caite le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltachta. Ba lá cinniúnach don Ghaeilge an Mháirt seo caite, mar sin, agus an chéad Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe, ag teacht sna sála ar fhoilsiú thuarascáil neamhspleách ar fheidhmiú an phróisis pleanála teanga.

Ní aontaím leis an Teachta go bhfuil éigeandáil sa Ghaeltacht ar fad. Tá an Ghaeltacht briste síos i 26 Limistéir Pleanála Teanga agus is léir go bhfuil cuid acu níos laige ná a chéile. Tá dúshláin éagsúla ann i Limistéirí áirithe ach tá an teanga breá folláin i Limistéirí eile.

Chun an phróiseas pleanála teanga a éascú cuireadh síneadh dhá bhliain le haon phlean teanga atá le dul in éag in 2026 nó a chuaigh in éag in 2025. Leanfar le dearadh agus le cur i bhfeidhm na gclár bliantúla de chuid na bpleananna reatha le linn na tréimhse seo agus ní bheidh briseadh ar bith sa mhaoiniú a chuirtear ar fáil faoi scáth an phróisis. Tabharfaidh an síneadh seo deis don Roinn leasuithe a dhéanamh ar an bpróiseas a thacóidh lena chur i bhfeidhm. Cuirfear moltaí an athbhreithnithe san áireamh agus an Roinn ag tabhairt faoin obair seo.

Tar éis dom an t-ardú is mó riamh a fháil d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026, beidh €3m breise á infheistiú sa phróiseas pleanála teanga i mbliana. Idir an infheistíocht seo agus tionchar an Phlean Gníomhaíochta, cuirfear borradh faoin bpróiseas sa thréimhse atá amach romhainn.

Déanadh leasú ar roinnt fhigiúirí a bhí san áireamh sa tuairisc nuair a foilsíodh é nuair a tugadh faoi deara go raibh siad míchruinn.

Is cinnte go mbeidh an t-athbhreithniú seo ina chabhair mhór ag dul chun cinn agus go dtacóidh sé le feidhmiú an dara timthriall den phróisis pleanála teanga.

Share