Aengus Ó Snodaigh
Question:3. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an nglacann sé le focail an Bhreithimh Humphreys san Ard-Chúirt sa bhreithiúnas maidir le cás Wild Ireland Defence CLG in aghaidh an Choimisiúin Pleanála, an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Ard-Aighne, agus an Aire turasóireachta, cultúir, ealaíon, Gaeltachta, spóirt agus meán, go bhfuil sé “seafóideach” agus “áiféiseach” a rá go bhfuil feidhm dhlíthiúil fós ag na scéimeanna teanga; an aithníonn sé nach bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm a thuilleadh; agus cathain a fhoilseofar na caighdeáin teanga atá le teacht i gcomharbas orthu. [8767/26]
View answer