Ba mhór an onóir dom é, mar an chéad Aire sinsearach le cúram den Ghaeilge agus den Ghaeltacht le roinnt blianta anuas, an chéad Phlean Gníomhaíochtaí um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, a chlúdóidh an tréimhse 2026-2028, a fhoilsiú le déanaí.
Féachann an Plean Gníomhaíochta seo, le cur chuige iomlánaíoch, intomhaiste agus praiticiúil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030, a foilsíodh faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003-2021, i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tugadh faoi chomhairliúchán agus plé leathan tras-Rialtais agus eile – in ullmhú an Phlean Gníomhaíochta seo – go háirithe mar a bhaineann le croí-sheirbhísí poiblí agus ceantair Ghaeltachta. Tógadh é freisin ar an taighde luachmhar a rinneadh don Phlean Náisiúnta féin, a léirigh go bhfuil suim shoiléir ann i measc oibrithe san earnáil phoiblí inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú agus go bhfuil dearcadh dearfach ann i leith na teanga go ginearálta.
Leis an bPlean Gníomhaíochta seo, dírítear go príomha ar fhorbairt na struchtúir tacaíochta a theastaíonn chun go mbeidh rath ar an obair seo sa todhchaí, le béim curtha ar go leor bearta nua agus éagsúla a thriail. Leagtar amach ann raon leathan gníomhartha chun tacú le comhlachtaí poiblí agus iad ag obair i dtreo cuspóirí foriomlána an Phlean Náisiúnta agus an Achta a bhaint amach, is é sin leibhéal agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú chomh maith le cinntiú go bhfuil dóthain foirne acu, inniúil sa teanga, chun é sin a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, cuirtear an-bhéim sa Phlean seo ar bhearta bainteach leis an oll-sprioc earcaíochta a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
Tríd an obair seo, i gcomhar le córas na gcaighdeán teanga atá le tabhairt isteach faoin Acht chomh maith, déanfar cinnte de go mbeidh seirbhísí poiblí curtha ar fáil trí Ghaeilge de réir caighdeán comhsheasmhach cáilíochta. Áirítear roinnt gníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta seo bainteach le nithe a fhorordú trí na caighdeáin teanga chomh maith le bearta atá le tacú le comhlachtaí poiblí agus iad á gcur i bhfeidhm. Tugann Gníomh 2.2.1 den Phlean Gníomhaíochta léargas chomh maith ar an saghas ábhar a bheidh le clúdach faoi na caighdeáin teanga féin, i gcomhréir leis an méid sonrach atá luaite faoi Ailt 19A-D den Acht féin chomh maith le tógáil ar úsáid rathúil an chórais sa Bhreatain Bheag. Agus an Plean Gníomhaíochta seo ceadaithe anois, tá i gceist tús a chur leis an gcomhairliúchán ar na dréacht-chaighdeáin anois go luath trí na meicníochtaí aitheanta faoin Acht.
Ó thaobh méadracht fheidhmíochta, do 2026 agus ar aghaidh, a mheas - beidh tuairisciú bliantúil le déanamh ar an dul chun cinn ar an bPlean Gníomhaíochta trí thuarascáil bhliantúil an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge - a d'ullmhaigh an Plean Gníomhaíochta ar ndóigh - mar aon le mo thuarascáil bhliantúil féin ar fheidhmiú an Achta. Faoin Acht, tá an dá thuarascáil seo, mar aon le Tráchtaireacht an Choimisinéara Teanga ar thuarascáil bhliantúil an Choiste Chomhairligh, le cur faoi bhráid an Rialtais sula leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais iad.
Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht anois chomh maith achoimre maidir le feidhmiú an Achta a áireamh ina gcuid tuarascálacha bliantúla féin.
Anuas air sin, tugtar léargas i tuarascálacha bliantúla an Choimisinéara Teanga ar an saghas teagmháil a bhíonn ag an bpobal leis an oifig sin ó thaobh caighdeáin na seirbhísí atá á bhfáil acu, chomh maith leis an teagmháil a bhíonn ag an oifig sin le comhlachtaí poiblí ó thaobh cúrsaí comhlíontachta agus comhairle lorgtha. Déantar na tuarascálacha seo a chur faoi bhráid an Rialtais sula leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais iad chomh maith.
Dá réir, tá mé muiníneach go gcuirfidh na meicníochtaí tuairiscithe seo leibhéal leordhóthanach trédhearcachta ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta agus gnéithe eile den Acht agus go gcoinneofar an Rialtas agus an pobal araon ar an eolas gach bliain faoin dul chun cinn ina leith sin.