Ag croílár iarrachtaí an Rialtais sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí agus chun a chumasú do lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo mar sin a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024. Ba mhór an onóir domsa, dá bhrí sin, mar an chéad Aire sinsearach a raibh freagracht orm as an nGaeilge agus as an nGaeltacht le roinnt blianta, cur leis an obair seo tríd an gcéad Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an bPlean Náisiúnta sin a fhoilsiú le déanaí.
Thit an fhreagracht fhoriomlán as ullmhú an Phlean Náisiúnta agus an Phlean Gníomhaíochta ina dhiaidh sin ar Choiste Comhairleach na Seirbhísí Gaeilge, atá faoi chathaoirleacht mo Roinne agus a bhfuil ballraíocht shinsearach ann ó raon leathan eagraíochtaí ar fud na seirbhíse poiblí, lena n-áirítear an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe; an Roinn Coimirce Sóisialaí; an Roinn Oideachais agus Óige; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE); an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA); An Garda Síochána; agus Poist Phoiblí (Publicjobs).
Rinneadh taighde fairsing agus an Plean seo á ullmhú, agus léiríonn na torthaí luachmhara atá leagtha amach ann spéis shoiléir i gcumas sa Gaeilge a mhéadú i measc fhoireann na gcomhlachtaí poiblí agus dearfacht agus dea-thoil ghinearálta i leith na teanga. Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig phríomhthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:
1. Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúrach;
2. Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Gaeilge;
3. Teicneolaíocht;
4. Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus
5. Bailiú Sonraí.
Tá na réimsí seo ag teacht le straitéisí athchóirithe eile an Rialtais amhail Seirbhísí Poiblí Níos Fearr agus Straitéis Athnuachana na Seirbhíse Sibhialta 2030 – agus gealltanas sonrach i Straitéis Athnuachana na Seirbhíse Sibhialta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta thuasluaite.
Féachann na tionscnaimh crosghearrtha atá sa phlean gníomhaíochta seo le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha ar fud na tíre – go háirithe i gceantair Ghaeltachta, trí réimse beart éagsúil. Díríonn sé ar struchtúir thacúla a fhorbairt agus cuimsíonn sé bearta atá dírithe ar fhorbairt acmhainne, feasachta agus scileanna chomh maith le cúrsaí teicneolaíochta.
Faoin príomhthéama Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúrach, tá sé mar chuspóir go mbreathnófaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le moil-seirbhísí nó clinicí a bhunú ar bhonn píolótach chun croísheirbhísí poiblí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Lena taobh seo fiosrófar athbhrandáil iomlán a dhéanamh ar na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge do na pobail sin, chun a gcuid muiníne sna seirbhísí sin a chothú.
Mar chéad chéim, déanfar údarú ar thaighde agus staidéir féidearthachta maidir le bunú moil-seirbhísí/clinicí seirbhísí poiblí chun croísheirbhísí poiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Déanfar féidearthachtaí a chíoradh chomh maith maidir le haonaid shonracha seirbhíse poiblí a bhunú sa Ghaeltacht nó a athlonnú chuig an nGaeltacht ar bhonn bhuan. Déanfar torthaí an taighde a bhreithniú i gcomhthéacs na céad chéimeanna eile a aithint, sa tsúil go ndéanfar iad seo a thionscnamh ar bhonn píolótach.
Mar thoradh air seo, déanfar normalú ar an nGaeilge agus cuirfear í ag croílár na seirbhíse poiblí, ag cumasú do chainteoirí na teanga í a úsáid agus iad ag déanamh éileamh ar sheirbhísí.