Tagann treoir maidir le díolachán scaireanna agus an próiseas chun fáltais dhíol scaireanna a bhainistiú ó Chiorclán 11/2015 agus Chiorclán 17/2016 de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, a rialaíonn aistriú agus diúscairt sócmhainní stáit. Déantar aon chinntí maidir le fáltais ó dhíol scaireanna de réir na gciorclán seo.
Ó am go ham, déanann Údarás na Gaeltachta aighneachtaí chuig an Roinn ag lorg ceada chun fáltais ó dhíol scaireanna a choinneáil agus déantar iad a mheas i gcomhthéacs an dá Chiorcláin thuasluaite.
Níor mhiste a nótáil go socraítear allúntais caipitil agus reatha an Údaráis mar chuid de phróiseas na Meastachán Poiblí gach bliain agus go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar an tacaíocht fhoriomlán a chuirtear ar fáil don eagraíocht ó 2019 i leith.