Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 February 2026

Tuesday, 10 February 2026

Questions (1275)

Shónagh Ní Raghallaigh

Question:

1275. Deputy Shónagh Ní Raghallaigh asked the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráitéas maidir le dul chun cinn na n-iarratas ar líonraí Gaeilge atá istigh faoi láthair. [9651/26]

View answer

Written answers

Tabharfar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta, 2012 do Líonraí Gaeilge ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna líonraí éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga fhorordaithe. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoi Acht na Gaeltachta, 2012, as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Líonraí Gaeilge.

Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go dáta faoin bpróiseas faoi réir Acht na Gaeltachta: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Anuas air sin, tá dhá ceann sa Tuaisceart – Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste – ceadaithe faoi phróiseas neamh-reachtúil atá á riar ag Foras na Gaeilge.

I 2020, rinne Foras na Gaeilge athbhreithniú ar Scéim Phobal Gaeilge de chuid na heagraíochta agus, mar chomharba uirthi sin, fógraíodh an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge. I measc aidhmeanna na scéime seo, tá béim faoi leith ag rannpháirtithe reatha na scéime oibriú i dtreo aitheantais mar Líonra Gaeilge a bhaint amach. Tríd an scéim seo, tá grúpaí á gcumasú le teacht chun cinn agus cur isteach ar an chéad bhabhta eile den phróiseas iarratais reachtúil. Trí Fhoras na Gaeilge, agus le faomhadh mo Roinne, tabharfar cuireadh d’eagraíochtaí le bheith ceaptha mar cheanneagraíochtaí Líonraí Gaeilge in am trátha.

Toisc an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge bheith ceangailte go dlúth le cuspóirí Acht na Gaeltachta, 2012, rinne Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh síneadh ama a chur le rannpháirtithe reatha de chuid na Scéime go deireadh 2026.

Déanfar cinneadh in am trátha maidir leis an gcéad timthriall eile d’ullmhú pleananna teanga i leith Líonraí Gaeilge ag tabhairt san áireamh staid reatha an phróisis pleanála teanga, aiseolas ón bhForas, agus na hacmhainní airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn.

Share