Is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Meáin san áireamh.
Tuigim gur thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha - mar thoradh ar chomórtas oscailte soláthar poilbí - chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do roghanna feabhsúcháin infreastruchtúir mhara ar Inis Meáin.
Thug Comhairle Contae na Gaillimhe le fios d'oifigigh na Roinne ag cruinniú i mí Eanáir 2026 go raibh na hinnealtóirí comhairleacha ag leanúint lena gcuid oibre ar an Measúnú Straitéiseach, agus go raibh anailís á déanamh acu ar an bhfadliosta roghanna don dá ché ar an oileán, Cé an Chóra agus Cé an Chalaidh Mhóir. Caithfear gach múnla agus rogha a thástáil agus a mheas chun theacht ar an gcur chuige is fearr ar mhaithe le bonneagar mara Inis Meáin a fheabhsú, lena n-áirítear an bonneagar a fhreastalaíonn ar na seirbhísí farantóireachta do phaisinéirí agus lastas.