Gabhaim buíochas leis an Teachta as an seans seo cúpla freagra a thabhairt trí Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge. Mar atá leagtha amach i gclár an Rialtais, creideann an Rialtas go bhfuil an cultúr agus na healaíona riachtanach do leas an phobail. Tá líonra de bhonneagar cultúrtha ar fud na tíre agus an tromlach faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil. Cuireann údaráis áitiúla agus an Chomhairle Ealaíon tacaíocht bhliantúil ar fáil don bhonneagar ealaíon agus cultúir seo, lena n-áirítear tacaíochtaí reatha a chabhraíonn le clár ealaíon a chur ar siúl.
Díríonn mo Roinn ar mhaoiniú deontais chaipitil a sholáthar chun cabhrú le forbairt agus chun aire a thabhairt do na háiseanna ealaíon agus cultúir seo. Tá roinnt cláir mhaoinithe á reáchtáil ag an Roinn faoin scéim um chaipiteal cultúrtha le blianta beaga anuas. Is é sruth E an ceann is déanaí, a chuir deontais suas le €50,000 ar fáil le haghaidh oibreacha caipitil agus a leithéid.
De réir an ghealltanais i gclár an Rialtais, cuireadh €6 milliún ar fáil do mo Roinn i mbuiséad 2026 le haghaidh clár nua maoinithe caipitil d'eagraíochtaí ealaíon agus cultúir ar fud na tíre. Cuirfidh sé seo tacaíochtaí caipitil a bhfuil géarghá leo ar fáil do na heagraíochtaí seo. Tá mo Roinn i mbun sonraí na scéime a dhearadh, lena n-áirítear critéir chun cur isteach ar an scéim.
Is scéim maoinithe caipitil chultúrtha eile atá ar fáil ó mo Roinn an scéim phíolótach €6 milliún do spásanna oibre d'ealaíontóirí, a seoladh i mí an Mheithimh 2024. Faoin scéim seo, tugtar cuireadh d'údaráis áitiúla, lasmuigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tionscadail a mholadh a chuirfidh ar a gcumas spásanna oibre d'ealaíontóirí a sholáthar. Tá maoiniú suas le €300,000 ar fáil do cheantair údarás áitiúil a bhfuil daonra dlúth iontu agus €150,000 d'údaráis áitiúla eile. Críochnóidh mé an freagra go luath.