Skip to main content
Normal View

Scoileanna DEIS

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 March 2026

Tuesday, 3 March 2026

Questions (434)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

434. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige an bhfuil aon cinneadh glacadh chun féachaint ar cás ar leith a dhéanamh do Scoil Lir, Baile Átha Cliath, chun stádas Deis a bhronnadh air in aineoinn í bheith lasmuigh den amchlár chun an stádas sin a fháil toisc gur osclaíodh í i ndiaidh an spriocdáta ach go bhfuil na bun dúshláin agus a bhreis uirthi a cháilleoidh mar scoil Deis agus Deis+ í; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16442/26]

View answer

Written answers

Is tosaíocht domsa mar Aire Oideachais agus Óige aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil. Is tionscnamh beartais ríthábhachtach é clár DEIS chun aghaidh a thabhairt ar míbhuntáiste oideachais ag leibhéal na scoile. Cuireann DEIS le tacaíochtaí uilíocha trí acmhainní breise a chur ar fáil do scoileanna a bhfuil na leibhéil is airde de mhíbhuntáiste oideachais comhchruinnithe acu, rud a chabhraíonn le cothromas a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais leanaí agus daoine óga.

Faoi láthair, tacaíonn clár DEIS le beagnach 1,200 bunscoil agus iar-bhunscoil, ag freastal ar thart ar 260,000 scoláire, le hinfheistíocht bhliantúil de bhreis is €180 milliún. Leithdháileann Buiséad 2026 €16.5 milliún breise in 2026, ag ardú go €48 milliún in 2027, chun tacú le cur i bhfeidhm Straitéis DEIS nua agus an scéim DEIS Móide a thabhairt isteach, a thosóidh i mbliana.

Na scoileanna a cuireadh san áireamh i leathnú an chláir in 2022 ná iad siúd a raibh na leibhéil is airde de mhíbhuntáiste oideachais comhchruinnithe i measc leanaí agus daoine óga iontu, mar a sainaithníodh ag an leagan beachtaithe den tsamhail sainaitheanta DEIS. Níor ghá do scoileanna iarratas a dhéanamh le bheith san áireamh sa chlár DEIS. Cuireadh an tsamhail i bhfeidhm go cothrom agus go comhionann ar gach scoil, lena n-áirítear iad siúd a bhí cheana féin sa chlár DEIS, lena chinntiú gur cuireadh sa bhanda is fearr a léirigh a leibhéal míbhuntáiste iad.

Táim tiomanta aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais i ngach scoil chun a chinntiú gur féidir le gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach. Chun na críche sin, foilseofar Straitéis nua deich mbliana go dtí 2035 do DEIS sna seachtainí amach romhainn. Tabharfaidh an straitéis nua réitigh nuálacha isteach chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais agus leanfaidh sí de bheith ag tabhairt aghaidh ar an mbearna idir scoileanna DEIS agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad.

Le linn a shaolré, díreoidh an Straitéis DEIS nua ar dheiseanna agus leibhéil ghnóthachtála leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais a fheabhsú, cur chuige níos nuálaí a fhorbairt chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais, agus oibriú i dtreo córas tacaíochtaí níos solúbtha chun a chinntiú go bhfaighidh scoil an tacaíocht cheart ag an am ceart.

Déanfar aon athruithe amach anseo ar an tsamhail sainaitheanta agus ar leithdháileadh foriomlán acmhainní a mheas i gcomhthéacs na Straitéise nua deich mbliana do DEIS.

Tá an Roinn Oideachais agus Óige tiomanta do chóras scoile ardchaighdeáin agus cuimsitheach a chothú a sholáthraíonn deis chomhionann do gach leanbh rath a bhaint amach. Tá clár DEIS fós lárnach don ghealltanas sin, agus cinnteoidh an Straitéis DEIS atá le teacht go ndíreofar tacaíochtaí ar bhealach cothrom agus go bhfreagróidh siad do riachtanais athraitheacha ár bpobal scoile, arna dtreorú ag rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara agus ag samhail leithdháilte neartaithe atá bunaithe ar riachtanais.

Mar chuid den Straitéis deich mbliana nua, déanfaidh an roinn athbhreithniú ar an gCreat DEIS reatha d’fhonn an chaoi a dtomhaistear míbhuntáiste agus an chaoi a dtacaítear le scoileanna a bheachtú. Cuirfidh an próiseas sin réimse fianaise agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara san áireamh chun a chinntiú go n-aithnítear scoileanna a fhreastalaíonn ar leibhéil shuntasacha riachtanais go cuí sa tsamhail nuashonraithe.

Mar chuid den straitéis nua, scrúdóidh beachtú samhail DEIS conas is féidir aghaidh a thabhairt ar phatrúin míbhuntáiste atá ag teacht chun cinn agus ag forbairt ar bhealach níos éifeachtaí, agus conas is féidir leis an gcóras freagairt ar an mbealach is oiriúnaí do scoileanna a bhfuil leibhéil mhéadaitheacha riachtanais acu.

Share