Tá mo roinn ag obair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST) chun a chinntiú go n-éireoidh leis an scoil aistriú go Gaelcholáiste comhoideachais de réir a chéile. Beidh an chéad chéim den aistriú sin, a mbeidh iontógáil an 1ú Bliain amháin i gceist leis, ar siúl i mí Mheán Fómhair 2026.
Maidir le riachtanais chóiríochta na scoile, tá oifigigh ó mo roinn tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil agus tá measúnú déanta acu ar riachtanais láithreacha na scoile. Tá Bainisteoir Tionscadail ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar na riachtanais chóiríochta seo agus tá tuarascáil á hullmhú lena hathbhreithniú ag an roinn. Tá sé beartaithe na riachtanais chóiríochta seo a chur chun cinn a luaithe is féidir, agus beidh an obair riachtanach críochnaithe in am don Ghaelcholáiste a chéad scoláirí a ghlacadh i Meán Fómhair 2026.
Mar chuid de na hullmhúcháin d’aistriú SBC Shráid Synge go Gaelcholáiste, tá earcaíocht dhíreach déanta ar mhúinteoirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá an Roinn tar éis dul i gcomhairle le bainistíocht agus le foireann teagaisc na scoile chun a fháil amach cé acu de na baill foirne atá ag iarraidh fanacht sa scoil agus cé acu atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar aistriú chuig scoil Bhéarla faoin scéim ath-imlonnaithe do mhúinteoirí. Tá an próiseas ar siúl faoi láthair, agus is é an cuspóir atá leis ná ath-imlonnú tráthúil na foirne a éascú agus a chinntiú ag an am céanna go bhféadfaidh an scoil leanúint dá curaclam a sheachadadh go héifeachtach.
Tá ionadaithe ó COGG agus Oide i dteagmháil leis an scoil ar bhonn leanúnach chun tacaíocht agus uasoiliúint a chur ar fáil. Tá an dá cheann acu ar fáil chun tacaíocht leanúnach a thabhairt do bhaill foirne na scoile ar spéis leo fanacht sa scoil agus múineadh trí mheán na Gaeilge.