Skip to main content
Normal View

Fisheries Protection

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 March 2026

Tuesday, 3 March 2026

Questions (712)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

712. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cá mhéad long nó bád eachtranach a stopadh nó a gabhadh de thairbhe iad a bheith ag iascaireacht go neamhdhleathach le cúig bliana anuas; cad é an toradh ar gach cás [17210/26]

View answer

Written answers

Is ábhair forfheidhmithe dlí d’údaráis rialaithe na hÉireann iad faireachán agus rialú a dhéanamh ar shoithí iascaireachta laistigh de Limistéar Iascaigh Eisiach na hÉireann. Faoin Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006, is é an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara agus an tSeirbhís Chabhlaigh atá freagrach as gach gnó oibríochtúil. Faoin Acht, tá cosc orm páirt a ghlacadh i gcúrsaí oibríochtúla a bhaineann le rialú iascaigh mhara.

Dá réir sin, tá iarratais an Teachta curtha faoi bhráid an Údaráis um Chosaint Iascaigh Mhara agam le haghaidh aird agus freagra díreach.

Share