Skip to main content
Normal View

An Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 March 2026

Thursday, 5 March 2026

Questions (251)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

251. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Housing, Local Government and Heritage cen céimeanna atá glactha aige chun breis tithíocht bheith ar fáil san Ghaeltacht do muintir na Gaeltacht, idir tithe shoisialta, ar chíos nó ar díol agus an féidir leis trácht ar an gceist. [16464/26]

View answer

Written answers

Mar atá leagtha amach sa phlean ‘Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú 2025-2030 - Plean Gníomhaíochta don Soláthar Tithíochta agus chun Dul i nGleic leis an Easpa Dídine’, tá roinnt gníomhartha ann lena dtacaítear le seachadadh méadaithe tithíochta agus le rogha tithíochta trí infheistíocht shuntasach i soláthar na dtithe sóisialta, ceannach agus tithe ar cíos a dhéanamh níos inacmhainne, dul i ngleic le tithe folmha agus tréigthe chun tithe a chur in úsáid arís ar fud na tíre, agus soláthar an stoic tithe nua a mhéadú ar fud na Tíre, ceantair Ghaeltachta san áireamh.

Faoin bPlean Gníomhaíochta, ullmhóidh gach údarás áitiúil Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta, ina leagfar amach a seachadadh tithíochta sóisialta agus inacmhainne go dtí 2030 atá beartaithe, i gcomhréir leis na spriocanna a leagfaidh mo Roinn síos chun a chinntiú go seachadfar 72,000 teach sóisialta faoi 2030. Beidh mo Roinn ag dul i dteagmháil le húdaráis áitiúla maidir leis sin in R1 2026. Agus a Phlean á ullmhú aige, léireoidh gach údarás áitiúil riachtanas áitiúil chun a chinntiú go mbeidh an meascán ceart de thithe ann le freastal ar riachtanas áitiúil agus ar thosaíochtaí áitiúla. Tabharfaidh seachadadh tithíochta sóisialta atá beartaithe aird ar riachtanas mar atá sainaitheanta óna liosta feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta.

Tugann an Ciste Croí Cónaithe (Bailte) cúnamh airgeadais dóibh siúd atá ag iarraidh teach nua a thógáil i dtuath na hÉireann. Faoin scéim Croí Cónaithe, Réidh le Tógáil, cuireann údaráis áitiúla láithreáin sheirbhísithe ar fáil i mbailte agus i sráidbhailte, ar lascaine ar luach an mhargaidh, do cheannaitheoirí aonair chun réadmhaoin a thógáil lena háitiú ag an gceannaitheoir mar a phríomháit chónaithe phríobháideach. Maidir leis sin, in éineacht leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh de chuid Croí Cónaithe le haghaidh tithe folmha agus tréigthe, chomh maith le líon na scéimeanna infheistíochta suntasacha atá ailínithe anois chun cur chuige Lár Bailte ar dTús i leith beartais a chur chun cinn, tacófar le bailte agus le sráidbhailte tuaithe agus Gaeltachta tithe nua a sheachadadh trína bhfreastalaítear ar riachtanais agus ar ardaidhmeanna éagsúla a bpobal.

Tá roinnt gníomhartha áirithe breise sa phlean tithíochta nua freisin a thacaíonn le seachadadh tithíochta i gceantair Ghaeltachta lena n-áirítear Ráiteas Pleanála Náisiúnta (RPN) i ndáil le tithíocht i gceantair Ghaeltachta a fhoilseofar sa chéad leath de 2027. Tá eolas d’ullmhú an Ráitis Pleanála Náisiúnta á dhéanamh ag an obair atá ar siúl ag Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil mo Roinn, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) agus Údarás na Gaeltachta). Sa dréacht den RPN leagfar amach beartas agus treoir náisiúnta a bhaineann le pleanáil le haghaidh tithíochta i gceantair Ghaeltachta, maidir le cosaint na Gaeilge go háirithe san áireamh, a cheanglófar ar údaráis phleanála agus ar an gCoimisiún Pleanála a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoi na hAchtanna um Pleanáil. Ag féachaint don ghá le breithniú a dhéanamh ar na hábhair chasta lena mbaineann agus maidir le rannpháirtíocht le RFTPG, déanfar measúnú ar Dhréacht-Ráiteas críochnaithe chun críocha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MTS) agus Measúnachta Cuí (MC).

Sna ‘Pleananna Forbartha - Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla’ a foilsíodh i mí Iúil 2022, tá treoir tugtha d’údaráis áitiúla cheana, amhail maidir le hullmhú na straitéisí tithíochta ina dtugtar aird chuí ar riachtanais chónaitheoirí na Gaeltachta, agus ina léirítear Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, ar ainmniú ar leith iad faoi Acht na Gaeltachta, 2012 agus a bhaineann le pleanáil teanga, a bhfuil freagracht feidhme ar mo chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, aisti.

San Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, a thosaítear ar bhonn céimnithe, leagtar amach an oibleagáid freisin atá ar údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú agus cuspóirí a áireamh, nach mór aghaidh a thabhairt orthu agus a bPlean Forbartha á dhréachtú, lena rialaítear beartais forbartha áitiúla i leith aon cheantair Gaeltachta. Sa chás go bhfuil ceantar Gaeltachta laistigh de limistéar riaracháin an údaráis phleanála, ní mór cuspóirí a áireamh sa straitéis plean forbartha chun “an oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha a chosaint, lena n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail”.

Sa chás go leagtar amach i bplean forbartha cuspóirí a bhaineann go sonrach le lonnaíocht i leith aon cheantair Gaeltachta, beidh gá le ‘Plean Limistéir Tosaíochta’ ina dhiaidh sin don cheantar Gaeltachta sin chun treoir a thabhairt dá fhorbairt, dá athnuachan nó dá athghiniúint agus chun a shonrú conas a chuirfear na cuspóirí ábhartha a bhaineann go sonrach le lonnaíocht sa phlean forbartha chun feidhme. Tá tús curtha leis an bhforáil seo den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024 anois agus cuirfidh na húdaráis áitiúla ábhartha san áireamh í agus iad ag ullmhú pleananna forbartha nua 10 mbliana.

Bíonn mise agus mo Roinnse ag plé go rialta leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maidir le tithíocht agus leis an mbonneagar riachtanach chun tacú le forbairt tithíochta. Leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus le páirtithe leasmhara eile freisin lena chinntiú go bhfuil soláthar leordhóthanach tithíochta agus seirbhísí pobail sa Ghaeltacht.

Is ar Údarás na Gaeltachta, a bhfuil freagracht bheartais ar mo chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, as, atá an fhreagracht reachtúil as an bhforbairt eacnamaíoch, theangeolaíoch, shóisialta agus chultúrtha laistigh de na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta . Tacaíonn an eagraíocht le breis agus 9,000 post ina cliantchuideachtaí agus beidh sé ríthábhachtach sna blianta amach romhainn go mbeidh tithíocht ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá fostaithe sna cliantchuideachtaí sin, agus i gcomhlachtaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí atá ag feidhmiú laistigh den Ghaeltacht, chun cabhrú le cainteoirí Gaeilge fanacht ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Ina theannta sin, tá leibhéal saineolais forbartha ag an Údarás, le roinnt blianta anuas, maidir le háiseanna fuíolluisce a sholáthar a fhreastalaíonn ar a líonra páirceanna gnó agus eastát tionsclaíoch ar fud na Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta go léir.

Ar deireadh, áirítear i gClár an Rialtais freisin líon suntasach tiomantas maidir le soláthar an bhonneagair chun tacú le tithíocht ar fud na tíre. Tá mo Roinn ag obair le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bonneagair uisce agus fuíolluisce i gceantair thuaithe, lena n-áirítear pobail Ghaeltachta.

Cabhraíonn infheistíocht trí bhearta amhail an Clár Uisce Tuaithe le tacú le huisce óil sábháilte, le seirbhísí fuíolluisce feabhsaithe agus le seachadadh tithíochta sna ceantair sin.

Thug mo Roinn Ciste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta ar fiú €1 bhilliún isteach atá á bhainistiú ag an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta chun an comhoibriú agus an comhordú a fheabhsú i measc soláthraithe bonneagair.

Cabhraíonn na bearta sin lena chinntiú gur féidir freastal ar riachtanais tithíochta agus tacú le teacht aniar fadtéarmach an phobail le bonneagar bunúsach.

Question No. 252 answered with Question No. 194.
Share