Is í aidhm an Tionscnamh um Oileán Comhroinnte an oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán seo chun teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte.
Leagtar amach clár oibre uaillmhianach sa Chlár Rialtais chun oileán comhroinnte a thógáil, le tacaíocht leanúnach tríd an gCiste um Oileán Comhroinnte chun athmhuintearas, meas frithpháirteach agus fás a chothú.
Cuireann an Rialtas leithdháiltí ar fáil d’Airí faoin gCiste um Oileán Comhroinnte chun tionscadail infheistíochta agus cláir chomhoibrithe a chur chun cinn chun cuspóirí an Chláir Rialtais agus an Phlean Forbartha Náisiúnta a chur i bhfeidhm mar a bhaineann leis an Oileán Comhroinnte, ag obair i gcomhar le comhghleacaithe i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann agus Rialtas na Breataine, agus le comhpháirtithe údaráis áitiúil, institiúidí oideachais agus sochaí sibhialta ar fud an oileáin.
Tá an maoiniú seo á chur ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail nua dírithe ar chomhoibriú Thuaidh Theas, lena n-áirítear tograí dírithe ar an nGaeilge agus ar theanga, cultúr agus oidhreacht na hUltaise i dTuaisceart Éireann agus cois teorann.
Tá €6 milliún in airgead caipitil curtha ar fáil go dtí seo ón gCiste um Oileán Comhroinnte mar thacaíocht do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise - €2m in 2022 agus €4m in 2025 - mar aon le maoiniú ó mo Roinn fhéin, a dhéanann maoirseacht ar sheachadadh an mhaoinithe, i gcomhar le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann. Meastar go mbeidh 75% den mhaoiniú seo á chur ar fáil do thionscadail Ghaeilge.
Chuige sin, bhí an-áthas orm a fhógairt le déanaí go bhfuil maoiniú €4.8 milliún san iomlán thar 4 bliana ceadaithe agam don Chiste Infheistíochta Gaeilge chun cómhaoiniú a dhéanamh ar thograí pobail Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
Tacaíonn an Ciste Infheistíochta Gaeilge le heagraíochtaí pobail agus deonacha a chuireann an Ghaeilge chun cinn agus gur mian leo tionscadail chaipitil den chineál éagsúla a fhorbairt. Táim ag súil go mór le toradh na dtionscadal atá á bhforbairt ag an gCiste a fheiceáil.
Roimhe seo, cuireadh maoiniú €1 milliún ar fáil do Naíscoil na Seolta don chéad chéim d'fhorbairt áiseanna cuí do naíonraí / naíscoil lán-Ghaeilge ar shuíomh slán in Oirthear Bhéal Feirste. Tá an naíscoil ag dul ó neart go neart ó osclaíodh na háiseanna nua i mí Eanáir 2025.
Anuas air sin, dár ndóigh, tá soláthar iomlán reatha d’os cionn €20 milliún san áireamh i Meastacháin mo Roinne i mbliana do chomhoibriú trasteorann chun tacú, ach go h-áirithe, le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn.