Tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do fhoghlaimeoirí, idir scoláirí dara leibhéal, mic léinn tríú leibhéal agus daoine fásta ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, agus is í an scéim an príomhbhealach ina dtacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.
Is ar na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fail don chóras a bhíonn cúnamh na Roinne dírithe, mar is iad na teaghlaigh sin cnámh droma an chórais. Cuireann mo Roinn cúnamh suntasach ar fáil ar bhonn leanúnach faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus tá an tacaíocht seo á cur ar fáil le tamall de bhlianta anuas chun tacú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge. Tá ardú ceadaithe ar an bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta agus coláistí cónaithe a chuireann lóistín ar fáil le roinnt blianta anuas. Go deimhin, anuraidh cheadaigh mé an cheathrú ardú ó 2022 ar an bhfóirdheontas nuair a d'ardaigh mé an deontas aon-oíche do theaghlaigh ó €13 go €14.50, agus an deontas aon-oíche do bhrúnna agus coláistí cónaithe ó €9.50 go €10.50. Is ionann é seo ar fad agus ardú 45% ar an ráta fóirdheontais a íoctar le teaghlaigh agus méadú i gcomhthéacs na mbrúnna agus coláistí cónaithe ó 2022 i leith.
Anuas air sin ar fad, tá ardú tagtha ar na tionscnaimh eile a cheadaítear faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, lena n-áirítear an scéim DEIS Gaeltachta. Cuireadh maoiniú €900,000 ar fáil don scéim DEIS Gaeltachta in 2025. Is ardú suntasach é seo ar an gciste DEIS Gaeltachta ó 2024, le leithdháileadh de €400,000. Tá ardú tagtha chomh maith ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi na beartais scéim Erasmus Gaeltachta. Leis na beartais seo, tá muid súil le gach cineál cabhrach a chur ar fáil do theaghlaigh sa Gaeltacht. Mar atá leagtha amach sa chlár Rialtais, leanfaidh mé ag tacú leis an earnáil seo le linn théarma an Rialtais. Mar is eol don Teachta, fuair mé an t-ardú is mó i mbuiséad Roinn na Gaeltachta sa bhuiséad is déanaí. Rachaidh an t-ardú sin i dtreo infheistíocht i scéimeanna cosúil leis an gceann seo.