Skip to main content
Normal View

Clár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 April 2026

Thursday, 16 April 2026

Questions (48)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

48. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Minister for Public Expenditure, Infrastructure, Public Service Reform and Digitalisation cad iad na céimeanna atá á nglacadh aige chun a chinntiú go bhfuil comhordú á dhéanamh idir Ranna agus comhlachtaí Stáit agus a Roinn chun a chinntiú go bhfuil na cinntí is fearr i dtéarmaí luach ar airgead poiblí á nglacadh maidir le cláir ríomhaireachta etc. atá á gceannach, agus an minic a bhíonn cláir ríomhaireachta ann cheana lenar féidir an beart a dhéanamh seachas córas iomlán nua saincheaptha ríomhaireachta a dhearadh, a cheannach nó a fháil ar cíos; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27095/26]

View answer

Written answers

Circular 14/2021, Arrangements for Oversight of Digital and ICT-related Initiatives in the Civil and Public Service, sets out the steps that each Department must take before embarking on a new digital and ICT-related initiative. This circular is operated by the Office of the Government Chief Information Officer (OGCIO), a division of my Department.

Under these arrangements, Public Service Bodies are required to seek approval from my Department for all new digital and ICT initiatives before any Government decision is taken, before procurement documentation is published, or before any commitment is entered into, including expenditure. This ensures early and structured engagement, supports whole-of-government coordination, and helps to avoid unnecessary duplication or fragmented investments.

Where a project subsequently varies significantly in scope, schedule, cost, deliverables or quality, renewed approval from the OGCIO is required.

For digital and ICT initiatives of significant scale, risk and/or strategic importance—including all projects with an estimated lifetime cost exceeding €5 million—the OGCIO operates a formal peer review process. This process assesses governance, delivery approach, costs, risks and alignment with wider Public Service strategies, and provides independent challenge to ensure robust decision-making and value for money.

In addition to its oversight role, the OGCIO delivers a portfolio of shared ICT/digital services available to Public Service Bodies including Government Networks, National Low Latency Platform, Managed Desktop, Government Private Cloud, Government Data Centre, the Enterprise Project Portfolio Management framework, Build to Share Applications suite and the gov.ie family of websites.   Public service bodies are encouraged to avail of these services where these will meet their needs, thus maximising the impact of the investment in these services.  The Deputy will find more details on the range of services available from the OGCIO in my Department’s annual reports which are published on gov.ie

The Deputy should note that Public Service Bodies continue to be directly responsible for the success of all digital and ICT initiatives, including associated expenditures. Furthermore, this Circular does not alter other compliance or reporting obligations required of Public Service Bodies including under the Public Spending Code/ Infrastructure Guidelines.  

The Approving Authority, which in most cases is the funding Department, have ultimate responsibility for all projects and it is the responsibility of the relevant Accounting Officer to ensure compliance with the relevant requirements of the Infrastructure Guidelines. This is part of the overall Accounting Officer role in terms of accountability, delivery, regularity, propriety and ensuring value for money.

Tá réimse céimeanna á nglacadh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, trí Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO), chun tacú le comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 maidir le seirbhísí poiblí digiteacha a bheith ar fáil go dátheangach ar líne.

Soláthraíonn agus déanann OGCIO na hardáin theicniúla a chumasaíonn seirbhísí poiblí digiteacha dátheangacha a sheachadadh ar fud phríomhshuíomhanna gréasáin an Rialtais a oibriú cheana féin, lena n-áirítear gov.ie, ireland.ie agus citizensinformation.ie. Tá na hardáin seo deartha chun tacú le hábhair i nGaeilge agus i mBéarla a fhoilsiú.

I gcás gov.ie, is úinéirí ábhair iad Ranna aonair agus comhlachtaí poiblí dá n-ábhar. Bíodh is go gcinntíonn OGCIO go bhfuil an timpeallacht theicniúil i bhfeidhm chun tacú le foilsiú dátheangach, luíonn an fhreagracht as leaganacha Gaeilge d'ábhar a sholáthar agus a chothabháil leis na Ranna agus comhlachtaí poiblí ábhartha, de réir a ndualgas reachtúil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Chomh maith leis sin, tá OGCIO ag obair go dlúth leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar chuid den Mheitheal Theicniúil faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Tá an obair sin dírithe ar thacaíocht Ghaeilge a chumasú agus a leathnú thar raon níos leithne seirbhísí poiblí digiteacha.

Tá an Roinn ag tacú freisin le hÚdarás na Gaeltachta ina cuid oibre chun forbairt seirbhísí Gaeilge IS-chumasaithe a chur chun cinn, seirbhísí a bhfuil sé de chumas acu rochtain ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú tuilleadh.

Ag féachaint chun cinn, leanfar d'ardáin dhigiteacha, córais agus seirbhísí comhroinnte OGCIO amach anseo a dhearadh agus a fhorbairt chun tacú le Gaeilge a bheith ar fáil chomh maith leis an mBéarla, ag cabhrú lena chinntiú gur féidir le gach úsáideoir rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí digiteacha ina rogha teanga oifigiúla agus ag tacú le comhlíonadh leanúnach Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Leagtar amach i gCiorclán 14/2021, Socruithe um Mhaoirseacht ar Thionscnaimh Dhigiteacha agus Thionscnaimh a bhaineann le TFC sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, na céimeanna nach mór do gach Roinn a ghlacadh sula dtabharfaidh sí faoi thionscnamh nua a bhaineann le cúrsaí digiteacha agus TFC. Tá an ciorclán seo á oibriú ag Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO), rannán de chuid mo Roinne.

Faoi na socruithe seo, ceanglaítear ar Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí faomhadh a lorg ó mo Roinn do gach tionscnamh nua digiteach agus TFC sula ndéantar aon chinneadh Rialtais, sula bhfoilsítear cáipéisíocht soláthair, nó sula ndéantar aon ghealltanas, caiteachas san áireamh. Cinntíonn sé sin rannpháirtíocht luath agus struchtúrtha, tacaíonn sé le comhordú uile-rialtais, agus cabhraíonn sé le dúbailt neamhriachtanach nó infheistíochtaí ilroinnte a sheachaint.

Sa chás ina n-athraíonn tionscadal go suntasach ina dhiaidh sin maidir le raon feidhme, sceideal, costas, táirgí insoláthartha nó cáilíocht, tá gá le formheas athnuaite ó OGCIO .

Maidir le tionscnaimh digiteacha agus TFC a bhfuil tábhacht shuntasach scála, riosca agus/nó straitéiseach ag baint leo - lena n-áirítear gach tionscadal a bhfuil costas saoil measta acu ar mó é ná €5 mhilliún - feidhmíonn OGCIO próiseas foirmiúil piarmheasúnaithe. Déanann an próiseas sin measúnú ar rialachas, ar chur chuige seachadta, ar chostais, ar rioscaí agus ar ailíniú le straitéisí Seirbhíse Poiblí níos leithne, agus soláthraíonn sé dúshlán neamhspleách chun cinnteoireacht láidir agus luach ar airgead a chinntiú.

Chomh maith lena ról maoirseachta, seachadann an OGCIO punann de sheirbhísí TFC/digiteacha comhroinnte atá ar fáil do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí, lena n-áirítear Líonraí Rialtais, Ardán Náisiúnta Íseal-Aga Folaigh, Deasc Bhainistithe, Néal Príobháideach an Rialtais, Ionad Sonraí an Rialtais, an creat Bainistíochta don Phunainn Tionscadail Fiontair, sraith Feidhmchláir ‘Tógáil le Roinnt’ agus teaghlach suíomhanna gréasáin gov.ie. Moltar do chomhlachtaí seirbhíse poiblí leas a bhaint as na seirbhísí seo ina bhfreastalóidh siad sin ar a gcuid riachtanas, agus ar an gcaoi sin tionchar na hinfheistíochta sna seirbhísí sin a uasmhéadú. Gheobhaidh an Teachta tuilleadh sonraí faoin réimse seirbhísí atá ar fáil ón OGCIO i dtuarascálacha bliantúla mo Roinne atá foilsithe ar gov.ie

Ba chóir don Teachta a thabhairt faoi deara go bhfuil Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí fós freagrach go díreach as a rathúil is a bhíonn na tionscnaimh digiteacha agus TFC ar fad, lena n-áirítear caiteachais ghaolmhara, chomh maith le teagmháil le Rannóga Bainistíochta Caiteachais na Roinne seo maidir le maoiniú. Chomh maith leis sin, ní athraíonn an Ciorclán seo oibleagáidí comhlíonta nó tuairiscithe eile a theastaíonn ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí, lena n-áirítear faoin gCód Caiteachais Phoiblí/Treoirlínte Bonneagair.

Tá freagracht deiridh ar an Údarás Formheasa, arb í an Roinn maoinithe í i bhformhór na gcásanna, as gach tionscadal agus tá sé de fhreagracht ar an Oifigeach Cuntasaíochta ábhartha a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais ábhartha na dTreoirlínte Bonneagair. Tá sé sin mar chuid de ról foriomlán an Oifigigh Chuntasaíochta i dtéarmaí cuntasachta, seachadta, rialtachta, cuibhiúlachta agus luach ar airgead a chinntiú.

Share