Skip to main content
Normal View

Plean Forbartha Náisiúnta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 April 2026

Tuesday, 21 April 2026

Questions (71)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

71. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Taoiseach cén tacaíocht ón gCiste Oileáin Chomhroinnte atá dáilte aige ar thogra ar leith gach bliain ó bunaíodh é. [17531/26]

View answer

Written answers

Go dtí seo, tá breis agus €600m leithdháilte ag an Rialtas ón gCiste Oileán Comhroinnte chun tionscadail agus cláir ilbhliantúla a chur chun cinn thar réimse earnálacha. Déantar leithdháiltí chun ár ngealltanais infheistíochta agus ár gcuspóirí faoin gClár Rialtais agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta nuashonraithe a bhaint amach.

Déantar leithdháiltí ón gCiste Oileán Comhroinnte trí Chinneadh Rialtais agus cuirtear chun cinn iad ag Airí líne agus a Ranna, ag obair i gcomhar le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le comhpháirtithe Rialtas na Ríochta Aontaithe, chomh maith le húdaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus comhpháirtithe na sochaí sibhialta ar fud an oileáin.

Déantar leithdháiltí de ghnáth ar thionscadail agus ar chláir ar bhonn comhmhaoinithe, in éineacht le maoiniú ó fhoinsí poiblí eile agus ar bhonn comhoibríoch trasteorann i gcomhar leis an bhFeidhmeannas agus/nó le Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Déanann Aonad Oileán Comhroinnte mo Roinne monatóireacht ar dhul chun cinn na dtionscadal uile a bhfuil leithdháiltí faighte acu ón gCiste Oileán Comhroinnte. Tá na Ranna líne freagrach as bainistiú agus tuairisciú na gcistí laistigh dá Vótaí féin, ón gCiste Oileán Comhroinnte agus eile. Tá liosta iomlán de na leithdháiltí ón gCiste Oileán Comhroinnte go dtí seo curtha ar fáil i bhfoirm tábla.

Leithdháiltí an Chiste Oileán Comhroinnte amhail Feabhra 2026

Ealaíona, Cultúr agus Oidhreacht

1.    Tionscadail infheistíochta caipitil ealaíon uile-oileánda (2022–28) – ranníocaíocht €12.6m. Á chur chun cinn ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhar le comhpháirtithe an Fheidhmeannais agus le húdaráis áitiúla.

2.    Cláir Ealaíon agus Cultúir Oileán Comhroinnte agus Thoir–Thiar (2025–2030) – ranníocaíocht €16m. Á chur chun cinn ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhar leis an bhFeidhmeannas agus le comhpháirtithe Rialtas na Ríochta Aontaithe.

3.    Gné Oileán Comhroinnte de Éire Ildánach (Céim 1: 2023–25; Céim 2: 2026–28) – €15.3m. Á chur chun cinn ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

4.    Clár Shared Home Place (2026–2030) – €6m. Á chur chun cinn ar fud an Rialtais lena n-áirítear ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

5.    Tionscadail chaipitil teanga, cultúir agus oidhreachta Gaeilge agus Albainis Uladh (2025–2030) – ranníocaíocht €6m. Á chur chun cinn ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomhar leis an bhFeidhmeannas.

6.    Taithí athnuaite do chuairteoirí ag suíomh Chath na Bóinne (2024–28) – ranníocaíocht €10m. Á chur chun cinn ag Aire Stáit a bhfuil freagracht aige/aici as Oifig na nOibreacha Poiblí.

7.    Athfhorbairt Pháirc Mhic Asmaint – ranníocaíocht €50m. Á chur chun cinn ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhar leis an bhFeidhmeannas.

Oideachas, Taighde agus Scileanna

8.    Comhoibriú píolótach ar ghnóthachtáil oideachais (2024–27) – €24m. Á chur chun cinn ag an Aire Oideachais agus Óige i gcomhar leis an bhFeidhmeannas.

9.    Ollscoil Uladh – foirgneamh nua teagaisc i nDoire – ranníocaíocht €44.5m. Á chur chun cinn ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta i gcomhar leis an bhFeidhmeannas agus le hOllscoil Uladh.

10.                   Ranníocaíochtaí don Chlár Taighde Thuaidh Theas – ranníocaíocht €50m. Á chur chun cinn tríd an Údarás um Ard-Oideachas.

11.                   Ionaidí Comhpháirteacha um Thaighde agus Nuálaíocht – ranníocaíocht €20m. Á cur chun cinn ag an Aire don Bhreisoideachas agus don Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht trí Thaighe Éireann i gcomhar leis an bhFeidhmeannas agus le comhghleacaithe i Rialtas na Ríochta Aontaithe.

12.                   Tionscnamh tráchtálaithe Chlár Comhpháirtíochta T&F SAM–Éire (2026–2032) – ranníocaíocht €2.3m. Á chur chun cinn ag an Aire don Bhreisoideachas agus don Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht i gcomhar le comhpháirtithe SAM agus an Fheidhmeannais.

 

Fiontraíocht, Turasóireacht agus Forbairt Eacnamaíochta

13.                   Scéim Fiontraíochta an Oileáin Chomhroinnte (2024–2027) – €30m. Á cur chun cinn ag an Aire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas trí Ghníomhaireachtaí Fiontraíochta.

14.                   Comhoibriú branda turasóireachta agus ailíniú ar an Wild Atlantic Way agus an Causeway Coastal Route (2023–2026) – €7.6m. Á chur chun cinn ag an Aire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas trí Ghníomhaireachtaí Turasóireachta.

15.                   Tionscadail Cinn Scríbe Comhroinnte Turasóireachta ag Loch Chairlinn, Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chuilcigh agus na Lochanna agus Sliabh Beatha (2026–2030) – €23m. Á gcur chun cinn ag an Aire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas trí Ghníomhaireachtaí Turasóireachta agus i gcomhar le comhpháirtithe Údarás Áitiúil.

Comhshaol, Aeráid agus Bithgheilleagar

16.                   Forbairt dhá shaoráid taispeántais nua bithgheilleagair uile-oileáin (2025–2029) – ranníocaíocht €7m. Á cur chun cinn ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas.

17.                   Gné Oileáin Chomhroinnte den Chlár Gníomhaíochta Aeráide Pobail (2023–2027) – €3m. Á cur chun cinn ag an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil i gcomhar le comhpháirtithe Údarás Áitiúil.

18.                   Tionscadail portaigh agus bithshlándála uile-oileáin (2022–2026) – ranníocaíocht €11m. Á gcur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le comhghleacaithe sa Fheidhmeannas agus i Rialtas na hAlban, trí Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

19.                   Clár athchóirithe dúlra an Oileáin Chomhroinnte (2026–2030) – ranníocaíocht €10m. Á chur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le comhghleacaithe sa Fheidhmeannas agus i Rialtas na hAlban, trí Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

20.                   Ciste Forbartha Glasbhealaí an Oileáin Chomhroinnte (2026–2027) – ranníocaíocht €2m. Á chur chun cinn ag an Aire Iompair i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas.

21.                   Plean Pailneora Uile-Éireann Céim 3 (2026–2030) – ranníocaíocht €1.8m. Á chur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, trí Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus le comhpháirtithe san Fheidhmeannas agus in Údaráis Áitiúla.

22.                   Dul i ngleic le Eitinn Bhó (2026–2030) – ranníocaíocht €6.5m. Á chur chun cinn ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas.

Bonneagar, Iompar agus Nascacht

23.                   Tairiscint agus tógáil Dhroichead an Uisce Chaol (2022–2027) – €112m móide CBL. Á chur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas agus le comhpháirtithe Údarás Áitiúil.

24.                   Céimeanna 2 (críochnaithe 2024) agus 3 d’athchóiriú Chanáil Uladh (2026–2029) – ranníocaíocht €47m. Á gcur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas trí  Uiscebhealaí Éireann

25.                   Mol nuálaíochta trasteorann – ranníocaíocht €12m. Á chur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le comhpháirtí Údarás Áitiúil.

26.                   Scéim maoinithe forbartha Údarás Áitiúil an Oileáin Chomhroinnte (2022–2024) – €5m. Á cur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le comhpháirtithe Údarás Áitiúil.

27.                   Glasbhealach Loch Chairlinn (críochnaithe 2025) – ranníocaíocht €1.5m. Á cur chun cinn ag an Aire Iompair i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas agus le comhpháirtithe Údarás Áitiúil.

28.                   Seirbhís iarnróid gach uair an chloig idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste (2024–2026) – ranníocaíocht €12.5m. Á cur chun cinn ag an Aire Iompair.

29.                   Seirbhís aeir OSP nua Baile Átha Cliath–Doire (le tabhairt isteach sa cheathrú ráithe de 2026) – €2m. Á cur chun cinn ag an Aire Iompair.

30.                   Scéim pointí luchtaithe feithiclí leictreacha do Chlubanna Spóirt ar fud an oileáin (2024–2027) – €15m. Á cur chun cinn ag an Aire Iompair.

Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Poiblí

31.                   Tógáil ionaid faoisimh agus theiripeacha do leanaí a ndearnadh diagnóis ailse orthu ó fud an oileáin – ranníocaíocht €2.5m. Á chur chun cinn ag an Aire Sláinte.

32.                   Comhpháirtíocht Trasteorann chun feabhas a chur ar Sheirbhísí Fostaíochta (2026–2030) – ranníocaíocht €1m. Á cur chun cinn ag an Aire Coimirce Sóisialaí i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas.

33.                   Tógáil Acmhainneachta Bainistíochta Éigeandála maidir le freagairt do thuilte agus oibríochtaí Tarrthála Teicniúla (2026–2030) – ranníocaíocht €5.9m. Á cur chun cinn ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta trí Threoireacht Náisiúnta um Dóiteáin agus Bainistíocht Éigeandála i gcomhar leis an gcomhghleacaí san Fheidhmeannas.

Civic Society and Media sector

34.                   Ciste Sochaí Shibhialta an Oileáin Chomhroinnte (2023–2027) – ranníocaíocht €6m (ciste iomlán €9m lena n-áirítear maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála). Á chur chun cinn ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

35.                   Clár Meán an Oileáin Chomhroinnte (2026–2028) – €14m. Á chur chun cinn ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt trí Choimisiún na Meán.

Questions Nos. 72 to 81, inclusive, resubmitted.
Share