Aengus Ó Snodaigh
Question:626. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cé mhéad Gaelscoil atá sceidealta le hoscailt idir 2026 agus 2031. [30928/26]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 28 April 2026
626. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cé mhéad Gaelscoil atá sceidealta le hoscailt idir 2026 agus 2031. [30928/26]
View answer627. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Óige cé mhéad Gaelcholáiste atá sceidealta le hoscailt idir 2026 agus 2031. [30929/26]
View answerI propose to take Questions Nos. 626 and 627 together.
Ar mhaithe le pleanáil a dhéanamh do sholáthar scoile agus na sonraí déimeagrafacha ábhartha a anailísiú, roinneann mo roinn an tír ina 314 limistéar pleanála scoile agus úsáideann sí córas faisnéise geografaí, trí úsáid a bhaint as sonraí ó raon foinsí, lena n-áirítear sonraí daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh, sonraí sochar leanaí agus sonraí rollaithe scoile, le feiceáil cá háit a mbeidh an brú ar áiteanna scoile ar fud na tíre agus cá bhfuil gá le cóiríocht bhreise scoile ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
Tá sé de chumas ag mórfhorbairtí cónaithe nua an t-éileamh ar áiteanna scoile ag leibhéal áitiúil a athrú. Maidir leis sin, mar chuid den anailís ar éileamh déimeagrafach, déanann mo roinn monatóireacht ar ghníomhaíocht phleanála agus tógála san earnáil chónaithe. Is éard atá i gceist leis sin ná anailís ar fhoinsí sonraí ó údaráis áitiúla agus ón bPríomh-Oifig Staidrimh mar aon leis an rannpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus leis an earnáil tógála. Ar an mbealach sin, faightear faisnéis cothrom le dáta faoi fhorbairtí suntasacha cónaithe nua agus cuirtear san áireamh í sa chleachtadh anailíse déimeagrafach. Tá sé seo riachtanach chun a chinntiú go bhfuil pleanáil bhonneagair scoileanna ag coinneáil suas le hathruithe déimeagrafacha, ag leibhéal áitiúil, áit a bhfuil cúinsí de shíor ag athrú a bhuí d’fhorbairt chónaithe nua atá beartaithe.
Áit a léiríonn sonraí déimeagrafacha go bhfuil soláthar breise ag teastáil, braitheann seachadadh an tsoláthair bhreise sin ar na cúinsí ar leith a bhaineann le gach cás agus féadfar é a chur ar fáil trí:
• Úsáid a bhaint as acmhainn neamhúsáidte atá ann cheana féin laistigh de scoil nó scoileanna,
• Acmhainn scoile nó scoileanna a leathnú,
• Scoil nó scoileanna nua a sholáthar.
Má tá cóiríocht bhreise ag teastáil, tá sé mar aidhm againn iarracht a dhéanamh é seo a éascú, a oiread agus is féidir, trí scoileanna atá ann cheana a leathnú seachas scoileanna nua a bhunú. Tá leathnú na scoileanna atá ann cheana féin ag teacht le cuspóirí níos leithne an Rialtais faoi Thionscadal Éireann 2040 chun béim níos mó a chur ar fhás dlúth. Maidir le hiar-bhunscoileanna, ní mór go mbeadh acmhainn rollaithe scoláirí de 600-1,000 dalta ag iar-bhunscoileanna nua agus ní mór dóibh a bheith comhoideachasúil. Féadfaidh tairseach níos ísle de 400 scoláirí a bheith i gceist i gcás Gaelcholáistí, agus aird á tabhairt ar an rogha eile, is é sin, aonad lán-Ghaeilge, nó Aonad, a bhunú i scoil lán-Bhéarla.
Ní bhunaítear scoileanna nua ach amháin i limistéir ina bhfuil fás déimeagrafach, toisc go gcaithfear tosaíocht a thabhairt d'acmhainní bonneagair scoile chun freastal ar riachtanais limistéar ina bhfuil méadú suntasach ar an daonra chun a chinntiú go bhfuil áit scoile ag gach páiste.
Fógraíodh sa bhliain 2018 go raibh sé bhunscoil nua beartaithe, ceann acu réamh-ainmnithe mar scoil mheán-Ghaeilge, agus trí iar-bhunscoil nua mar thoradh ar iniúchadh déimeagrafach ar fud na tíre. Rinneadh tuilleadh anailíse ó shin ar an ngá atá le scoileanna nua pleanáilte a bhunú agus roinnt cúinsí á gcur san áireamh, lena n-áirítear luas seachadta na forbartha cónaithe breise a bhfuiltear ag súil leis sna limistéir phleanála scoile, rolluithe gaolmhara agus an acmhainn i scoileanna atá ann cheana sna ceantair sin.
Tá mo roinn sásta gur féidir léi na scoileanna atá ann cheana féin agus atá ag fás sna limistéir phleanála scoile freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair. Mar thoradh air sin, cuireadh moill ar bhunú na scoileanna nua atá beartaithe.
Nuair a fhógraíonn an roinn go bhfuil gá le heintiteas scoile/scoileanna nua, is féidir le pátrún ionchasach an scoil/na scoileanna ar mian leo iarratas a dhéanamh orthu a roghnú agus foirm iarratais a chomhlánú ina leith sin do gach scoil, lena cur faoi bhráid na roinne. Soláthraíonn mo roinn sonraí faoi OPPS na scoile/na scoileanna agus liosta de phátrúin na n-iarratasóirí a rinne iarratas ar phátrúnacht na scoile/na scoileanna. Is féidir le tuismitheoirí ansin rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin OPPS, rud a ligeann dóibh rochtain a fháil ar an suirbhé cuí dá limistéir, sonraí an linbh/na leanaí incháilithe a ionchur agus a bpátrún agus a dteanga teagaisc is fearr leo a roghnú (seachas na gaelscoileanna lán-Ghaeilge a ainmníodh mar scoileanna lán-Ghaeilge roimh oscailt an OPPS - i gcás na scoileanna sin, is féidir le tuismitheoirí a bpátrún is fearr leo a roghnú). Tá roghanna na dtuismitheoirí, chomh maith le breithnithe eile amhail fairsinge na héagsúlachta soláthair i limistéar ar leith (lena n-áirítear soláthar trí mheán na Gaeilge), ríthábhachtach don phróiseas cinnteoireachta agus chun a chinneadh cibé acu a bheadh scoil ag leibhéal na hiar-bhunscoile ina gaelcholáiste nó, dá mba scoil trí mheán an Bhéarla í, an mbeadh aonad meán-Gaeilge inti.
Leanfaidh mo roinn de bheith i dteagmháil le húdaráis áitiúla maidir lena bplean forbartha contae agus aon phlean ceantair áitiúil gaolmhar d'fhonn aon riachtanas féideartha fadtéarmacha maidir le cóiríocht scoile a aithint ar fud limistéir phleanála scoile.