Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 May 2026

Thursday, 21 May 2026

Questions (106)

Aindrias Moynihan

Question:

106. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta i dtaca le hIntleacht Shaorga (IS) na Gaeilge i bhfianaise na tuarascála nua ón Údarás, cad iad na háiseanna a bheidh riachtanach don Údarás chun na spriocanna a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38267/26]

View answer

Written answers

Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le cumas Intleacht Shaorga na Gaeilge a fhorbairt, agus fáiltíonn mo Roinn roimh an anailís ar bhearnaí atá coimisiúnaithe ag Údarás na Gaeltachta, IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, mar chúnamh úsáideach sa réimse seo.

Aithnítear sa tuarascáil trí chás úsáide tosaíochta:

• botaí comhrá seirbhíse poiblí guthbhunaithe;

• cúntóir comhrá IS-chuidithe do chainteoirí Gaeilge ar gach leibhéal cumais; agus,

• uirlisí oideachais teanga freagartha gutha

Tá na cásanna seo ag teacht go dlúth le hobair atá á maoiniú cheana féin ag mo Roinn faoin bPlean Digiteach don Ghaeilge: Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga 2023-2027.

Mar shampla den obair seo, tugann ABAIR, togra de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an príomhardán sintéise agus aitheantais cainte na Gaeilge, aghaidh ar ghné an ghutha agus na cainte. Tacaíonn an togra eStór de chuid Ionad Taighde ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le bailiú agus comhroinnt sonraí Gaeilge le haghaidh meaisín-aistriúcháin agus áiseanna teicneolaíochta teanga eile.

Chomh maith leis sin, cinntíonn ballraíocht agus rannpháirtíocht ghníomhach mo Roinne thar ceann na hÉireann in ALT-EDIC go gcuirtear an Ghaeilge san áireamh ar leibhéal Eorpach agus bonneagar sonraí coiteanna á chruthú do theicneolaíochtaí teanga.

Anuas air sin, tá teagmháil fhiúntach ar bun ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachas Poiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin tríd an gCoiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach, ar a bhfuil an tÚdarás ina bhall freisin, maidir le ceist na Gaeilge i ndigitiú na seirbhísí poiblí.

Tá tús curtha ag Údarás na Gaeltachta lena chuid oibre bunúsaí féin freisin, lena n-áirítear corpais urlabhra agus téacs a theastaíonn le haghaidh aistriúcháin, aithint urlabhra agus feidhmchláir IS giniúnaí. Aithnítear sa tuarascáil go bhfuil gá le maoiniú leanúnach, tacair sonraí leathnaithe, saineolas teicniúil agus comhpháirtíochtaí fadtéarmacha le hollscoileanna agus leis an earnáil. Tá na tosaíochtaí seo ag teacht leis an bPlean Digiteach, agus leanfaidh mo Roinn ag obair trasna na ranna rialtais chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo.

Share