Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 May 2026

Thursday, 21 May 2026

Questions (148)

Barry Heneghan

Question:

148. D'fhiafraigh Deputy Barry Heneghan den Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht chuige go mbeidh maoiniú d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a chur ar bun san Údarás, le comhordú a dhéanamh ar straitéis le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta Gaeltachta, in iarratas na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta do Bhuiséad 2027. [38372/26]

View answer

Written answers

Níor mhiste a nótáil go mbaineann saincheisteanna tithíochta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is ról tánaisteach a bheidh ag an Údarás maidir le cúrsaí tithíochta dá bharr.

Tá obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus ní bheadh sé cuí aon rud a dhéanamh a laghdódh an bhéim atá ag an eagraíocht ar chomhlíonadh an róil sin.

É sin ráite, is saincheist an-tábhachtach domsa mar Aire í tithíocht sa Ghaeltacht agus bhí roinnt chruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, chun é seo a phlé.

I bPlean Tithíochta an Rialtais, tá a bhfuil geallta don Ghaeltacht soiléir; tá sé geallta go bhfoilseofar Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 agus go n-oibreoidh Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun na féidearthachtaí a bhaineann le suíomhanna seirbhísithe a bheadh feiliúnach do thithíocht a fhiosrú. Anuas air sin, beidh na scéimeanna tacaíochta náisiúnta tithíochta atá ar fáil don phobal i gcoitinne ar fáil do phobal na Gaeltachta chomh maith.

Anuas air sin, beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 le tógáil ag Céim na Tuarascála ar an 27ú Bealtaine. Cé gurb é athbhunú toghcháin chuig bord an Údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar títhíochta sa Ghaeltacht ann, déanfar leasú sa Bhille ar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, chun cead a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chuig an gcéanna, chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Mar is eol don Teachta, fógrófar toradh na hidirbheartaíochta maidir le hallúntas airgid Údarás na Gaeltachta mar chuid de Bhuiséad 2027 níos déanaí i mbliana.

Share