Gabhaim buíochas leis an Teachta as an invitation go dtí Port Láirge. Beimid ann i gceann cúpla seachtain. Táim ag súil leis an gcuairt sin. Mar a dúirt mé, tá scéim le haghaidh árais phobail. Tá sé ag oscailt. Tá scéim le haghaidh árais phobail nua ag oscailt an bhliain seo chugainn. Beimid in ann é sin a reáchtáil.
Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, tugtar aitheantas do líonra Gaeilge nuair a bhíonn pleananna teanga aontaithe acu lena bpobal. Ní mór do na pleananna sin na critéir pleanála teanga a chomhlíonadh le go dtabharfar an t-aitheantas cuí dóibh. Tá Foras na Gaeilge freagrach as tacú le heagraíochtaí maidir le hullmhúchán agus feidhmiú pleananna teanga sna líonraí Gaeilge.
In 2015, fuair cúig cheantar aitheantas mar líonraí Gaeilge, is é sin go n-aithnítear iad mar cheantar taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge agus tacaíocht Stáit agus seirbhísí ar fáil don phobal sa teanga. Is iad na líonraí a fuair aitheantas ná Cluain Dolcáin, Baile Locha Riach agus Inis faoi Acht na Gaeltachta agus iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair faoin scéim neamhreachtúil atá á riar ag Foras na Gaeilge sa Tuaisceart. Feidhmíonn pobail na Gaeilge sna líonraí seo trí ghréasáin shóisialta agus bíonn ceanneagraíocht áitiúil i mbun forbartha ar na pobail ghréasáin sin.
Is é an aidhm atá leis an scéim forbartha líonraí Gaeilge - scéim eile de chuid Fhoras na Gaeilge - ná an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn ceantair le béim faoi leith ar fhorbairt agus ar fheidhmiú pleananna teanga cuimsitheacha do na ceantair sin rannpháirteach sa scéim. Tá an bhéim sa scéim seo ar phleanáil níos fadtéarmaí agus níos straitéisí, de réir phrionsabail na pleanála teanga. Bítear ag súil go mbeadh sé mar chuspóir ag an iarratasóir aitheantas mar líonra Gaeilge a ghnóthú amach anseo don cheantar atá rannpháirteach sa scéim. Cur chuige céimnitheach atá beartaithe sa scéim seo; dá réir sin, aithnítear trí chéim forbartha - ardchéim, meánchéim agus bunchéim.